

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis dhá scéim nua fostaíochta agus oiliúna a fhógairt.
Tabharfaidh siad deis do dhaoine óga sa Ghaeltacht dul i mbun oibre agus forbartha gairmiúla in earnáil na forbartha pobail agus sna fiontair shóisialta.
Is iad ‘Scéim na gCéimithe san Earnáil Forbartha Pobail’ agus ‘Scéim na mBainisteoirí faoi Oiliúint in Eagrais Forbartha Pobail’ atá i gceist.

Tá an dá scéim deartha chun céimithe Gaeltachta a chumasú tograí straitéiseacha a fhorbairt a rachaidh chun sochar da gceantar féin.
Tríd an scéim nua seo, beidh deis ag céimithe Gaeltachta, a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal bainte amach acu le ceithre bliana anuas, taithí phraiticiúil luachmhar a fháil i réimse na forbartha pobail, ag obair le heagraíochtaí atá gníomhach i bhforbairt sóisialta agus nuálaíocht pobail.
Tabharfar deontas suas le €48,000 thar tréimhse dhá bhliain (80% den tuarastal) d’eagraíochtaí Gaeltachta chun céimí a fhostú a bheidh ag obair ar thionscadal nuálach atá mar chuid den phlean forbartha straitéiseach aitheanta ag an eagras.
Beidh ar an gcéimí Gaeilge líofa a bheith aige/aici, agus cuirfidh an eagraíocht meantóir agus clár tacaíochta ar fáil.
Tá an scéim nua phíolótach seo dírithe ar eagraíochtaí forbartha pobail a fhaigheann deontas reáchtála ón Údarás.
Cuirfidh sí ar chumas eagraíochtaí bainisteoir faoi oiliúint a fhostú ar feadh dhá bhliain chun tograí a bhainistiú agus scileanna ceannaireachta a fhorbairt.
Cuirfear deontas suas le €64,000 ar fáil, ag clúdach suas le 80% de thuarastal an bhainisteora faoi oiliúint.
Ní gá go mbeadh céim tríú leibhéal ag an té a cheapfar, ach beidh gá le taithí phraiticiúil, cumas bainistíochta agus ardchaighdeán Gaeilge.

Tabharfar oiliúint bhreise trí chúrsaí a bheidh á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta le linn na tréimhse.
Tá an dhá scéim nua mar chuid de chur chuige le pobail a chumasú agus le cur le hinbhuanaitheacht na bhfiontar agus na n-eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht.
Ní mór d’iarrthóirí foirmeacha iarratais a chomhlánú, plean forbartha cuimsitheach a chur ar fáil, agus a bheith in ann struchtúr tacaíochta a léiriú don fostaí nua.
Ní ghlacfar le hiarratais i gcás fostaithe reatha nó daoine atá á maoiniú faoi scéimeanna eile.
‘Tá tábhacht ar leith don Ghaeltacht san earnáil forbartha pobail, más i gcur chun cinn seirbhísí pobail, pleanáil teanga, tograí fiontair shóisialta nó go leor eile,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Teanga Údarás na Gaeltachta.
‘Aithníonn muid san Údarás, dá réir, an tábhacht a bhaineann le todhchaí na hearnála a neartú trí tacú le daoine cumasacha fuinniúla tabhairt faoi fhorbairt pobail.
‘Tá súil againn go neartóidh na scéimeanna nua seo, ní hamháin an earnáil forbartha pobail sa Ghaeltacht, ach an Ghaeltacht trí chéile.’ Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le d’oifig réigiúnach áitiúil de chuid Údarás na Gaeltachta nó le hAonad Forbartha Pobal an Údaráis ag afp@udaras.ie
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.