

Tá cúrsa nua iriseoireachta á chur ar fáil ag TG4 i gcomhar le gréasán na meán.
Beidh béim ar oiliúint phraiticiúil iriseoireachta don teilifís agus do na meáin ar líne.
Beidh an cúrsa ar siúl ar feadh coicíse idir an 23 Meitheamh agus 4ú Iúil i gConamara agus beidh áit ar fáil do 20 duine ar an gcúrsa.

Tabharfar oiliúint ar an gcúrsa iriseoireachta ar conas tuairisc nuachta a chur le chéile don teilifís agus do na meáin ar líne.
Beidh daoine ag foghlaim conas scéalta láidre a bhailiú, a fhiosrú agus a scríobh don teilifís agus do na meáin ar líne.
Beidh oiliúint á thabhairt freisin ar conas taighde a dhéanamh, foinsí a dheimhniú agus ar dhlí na meán.
Chomh maith leis sin beidh oiliúint ar chruinnscríobh na Gaeilge, scripteáil agus conas ailt nuachta a scríobh don idirlíon agus conas an nuacht a léiriú do na meáin shóisialta.
Tabharfaidh an cúrsa seo na bunscileanna iriseoireachta atá de dhíth ar gach iriseoir le go n-éireoidh leo i seomra nuachta an lae inniu.
Is í Grett O’Connor, iar-iriseoir teilifíse le Nuacht TG4 ar feadh fiche bliain a bheidh mar stiúrthóir an chúrsa.
Cháiligh Grett mar chóitseálaí feidhmeannach i 2018, tráth gur fhág sí RTÉ chun a comhlacht féin a bhunú ar a dtugtar, My Media.
Ó shin i leith, tá sí ag obair san earnáil cumarsáide – ag léiriú físeán, oiliúint ar na meáin, léachtóireacht páirt-aimseartha agus ó am go chéile bíonn sí mar bhean an tí ag comhdháileacha agus ócáidí poiblí eile.
Tá obair déanta ag Grett do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Theicneolaíochta na Mumhan, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí, agus roinnt mhaith de na h-údaráis áitiúla.
Chomh maith leis sin, cabhraíonn sí le foirne i gcomhlachtaí príobháideacha agus daoine aonair gur mian leo a gcuid scileanna cumarsáide a fheabhsú.
Le suim a léiriú sa chúrsa iriseoireachta, ní mór d’iarrthóirí:
Ní gá ach físeán gairid a thaifeadadh díot féin ag míniú an fáth ar mhaith leat freastal ar an gcúrsa iriseoireachta seo.
Seol an físeán chuig noirin.ui.chonghaile@tg4.ie roimh an 29 Bealtaine 2025 ag 4pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.