Féach ar na pictiúir: Teach mór mac iar-Thaoisigh ar díol ar €8 milliún

28/04/2025

Tá teach sa tuath lena ionad fóillíochta agus pictiúrlann féin á dhíol ag mac iar-Thaoisigh

Tá Philip Reynolds, mac an iar-Thaoisigh Albert Reynolds, tar éis teach mór a chur ar díol.

Tá sé suite ar Loch Uail (Lough Owel), ​​i Muilte Farannáin (Multyfarnham), gar do Mhuileann gCearr.

Bhí Clonhugh Lodge, atá scaipthe thar 111 acra talún, faoi úinéireacht an Tiarna Greville sna 1800í nuair a bhí sé ina Theachta Parlaiminte d’Iarmhí i Londain.

Le himeacht ama, rinneadh athruithe air ach tá cuma theach mór tuaithe ó am eile air fós.

Reynolds mansion1

Tá ann:

  • seacht seomra fáiltithe;
  • sé sheomra leapa;
  • pictiúrlann;
  • agus linn snámha.

Agus cosnóidh an teach seo i stíl Downton Abbey ocht milliún euro.

Tá cur síos déanta air mar ‘ceann de na tithe tuaithe comhaimseartha is fearr in Éirinn’ ag an ngníomhaireacht eastáit, Savills.

Tá na tailte foirfe d’aon duine a bhfuil suim mhór aige i marcaíocht capall.

An teach mór
An teach mór

Tá roinnt áiseanna marcaíochta ann. Ina measc seo tá:

  • cúig stábla;
  • seomra rianta;
  • réimse gainimh;
  • agus banracha (paddocks) faoi iamh.

Tá radhairc thar a bheith áille ón teach freisin.

Tá gairdíní tírdhreachtaithe pictiúrtha, paiste glasraí agus 500m de thaobh tosaigh a théann amach chuig Loch Uail san eastát.

Albert agus Kathleen Reynolds
Albert agus Kathleen Reynolds

Sa bhliain 2010, cuireadh síneadh leis an teach chun coimpléasc fóillíochta a chruthú, ina bhfuil:

  • linn snámha;
  • jacuzzi;
  • sabhna (sauna);
  • seomra gaile;
  • agus giomnáisiam.

Tá séú seomra leapa agus príomhsheomra leapa sa cheantar seo freisin.

Ocht mbliana ina dhiaidh sin, cuireadh grianán leis a d’oscail amach isteach sa limistéar BBQ, foirfe do chóisirí agus do chruinnithe samhraidh.

Bhí seachtar clainne ag an iar-Thaoiseach Albert Reynolds agus a bhean chéile Kathleen, agus sular thosaigh sé ag plé leis an bpolaitíocht, bhunaigh an tUasal Reynolds C&D Foods i 1969.

Sa bhliain 1990, ghlac a mhac Philip seilbh ar ghnó bia peataí an teaghlaigh.

Sa bhliain 2019, d’fhág sé an gnó trí dhíol a scair 15% eile i gcuideachta Goodman. Ó shin i leith, tá sé ina chathaoirleach ar OohPod.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram