

D’fhógair an Teachta Dála ó Dhún Laoghaire, Richard Boyd Barrett, go bhfuil ailse scornaí air agus go gcuirfear cóir leighis air an tseachtain seo chugainn. Agus labhair sé faoi, agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcóireáil air
Tá an Teachta Boyd Barrett 58 bliain d’aois agus tá sé mar cheannaire é ar an bpáirtí Pobal Seachas Brabús.
Thosaigh sé ag tabhairt faoi deara go raibh a mhuineál ag at i rith feachtais an olltoghcháin ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Boyd Barrett gur thug sé faoi deara é agus é ag bearradh, ach gur fhan sé go dtí deireadh an fheachtais sula ndeachaigh sé chuig an dochtúir roimh an Nollaig.
Tar éis a baineadh a dhá tonsailí, rinneadh bithóipse (biopsy) air agus cuireadh in iúl dó go raibh ailse scornaí air de bharr an víris HPV.
Dúirt sé nach raibh baint ag an ailse le géinte ná le caitheamh tobac, rud a chiallaíonn go bhfuil seans maith aige freagra maith a thabhairt ar an gcóireáil.
‘Is ionadh é, gan dabht,’ a dúirt Boyd Barrett ar an gclár ‘Today With Claire Byrne’ ar RTÉ. ‘Ach dúirt na dochtúirí gur aimsíodh é sách luath. Tá sé sna nóid linfacha ach níor scaip sé níos faide.’
Beidh air teiripe radaíochta agus ceimiteiripe a fháil agus meastar go bhfuil seans 80%–90% go n-éireoidh leis an gcóireáil.
Beidh sé as láthair ón obair ar feadh trí nó ceithre mhí.
Luaigh sé go bhfuil sé buartha faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcóireáil ar a ghlór, ach go bhfuil dóchas aige mar go bhfuil daoine eile a úsáideann a nglór tar éis dul tríd seo cheana.
Mhol Boyd Barrett foireann leighis na hÉireann, ag rá go bhfuil siad ‘iontach.’
Tá iar-Theachta Dála, Bríd Smith, tar éis aontú cabhrú leis sa toghcheantar i nDún Laoghaire agus é ar shiúl.
Dúirt sé go mbeidh sé deacair céim siar a ghlacadh óna phost, agus gur chóir smaoineamh ar chóras ionadaithe sealadacha do Theachtaí Dála.
‘Tá mé ag iarraidh leithscéal a ghabháil leis na daoine nach mbeidh mé thart orthu sna míonna amach romhainn – ach tá cúis leis,’ a dúirt sé.

‘Tá mo chairde agus comhghleacaithe ag rá liom sos a ghlacadh, agus dúirt an dochtúir go láidir liom nár cheart dom a bheith ag obair agus go gcaithfidh mé díriú ar an gcóireáil.’
Dúirt Boyd Barrett freisin go bhfuil sé brónach nach mbeidh sé in ann bheith páirteach i gceisteanna móra cosúil leis an ngéarchéim tithíochta, an chogadh eacnamaíochta ó Trump, agus na himeachtaí i nGaza, ach go bhfuil sé ag súil le filleadh ar an obair a luaithe nuair is féidir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
