

Tá Scéim Intéirneachta á chur ar fáil ag TG4 do thosaitheoirí agus chéimithe ollscoile atá ag iarraidh tréimhse bliana a chaitheamh i mBaile na hAbhann.
Tá daoine faoi oiliúint á lorg ag TG4 sna réimsí seo a leanas: Intéirn le BLOC; Intéirn le MOLSCÉAL; Intéirn le Spórt TG4; Intéirn ábhar Oideachais; Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint; agus Intéirn Eagarthóireachta.
Chomh maith leis sin tá Intéirneacht ar bhonn páirtaimseartha, ar feadh tréimhse bliana, i TG4 do mhic léinn sa réimse Dlí, ag tosú i mí Lúnasa (2 lá sa tseachtain).
Is deis é seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo, a deir TG4.
Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana.

Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa (i nGaeilge agus i mBéarla) ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:
• Míreanna a aimsiú, a sceidealú agus a chur in eagar le cur ar ardáin shóisialta TG4.
• Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.
• Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air/uirthi comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 4pm Déardaoin an 17 Aibreán.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.