Na Tógálaithe in Éirinn: Cé hiad? Seo scéal Na Builders ar TG4

Is sraith nua é Na Builders ar TG4, Déardaoin, faoi na fir agus na mná atá ag obair i dtionscal na tógála in Éirinn

Deirtear nach bhfuil go leor tógálaithe in Éiri nn. Cibé áit a dtéann tú, áfach, is cosúil go bhfuil tógáil ar siúl.

Go deimhin tá breis is 160,000 duine fostaithe i dtionscal na tógála in Éirinn.

Na Builders ar TG4, Déardaoin, le tógálaithe na hÉireann
Na Builders ar TG4, Déardaoin, le tógálaithe na hÉireann

Is iad na daoine sin a thugann faoin obair lenár gceantair thuaithe agus ár mbailte a fhorbairt, a athchóiriú agus a athshamhlú.

Agus is é Na Builders bunsraith nua ar TG4 atá dírithe ar oibrithe tógála ar fud na tíre a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar an drochaimsir, agus ar a chéile uaireanta, ar mhaithe leis an jab a chríochnú.

Beidh cur síos ar gach cineál tógálaí, mór agus beag, faoin tuath agus i mbailte móra.

Le caint faoi chéard atá á thógáil acu agus cé ag a bhfuil siad ag obair.

Tabharfar léargas freisin ar an staid ag a bhfuilimid sa lá tá inniu ann i dtaobh Éireann a fhorbairt le tógálaithe. 

Idir bhríceadóirí, leictreoirí, phluiméirí, dhíonadóirí, phláistéirí agus siúinéirí, is cuid thábhachtach de ghnáthshaol na hÉireann iad na fir agus na mná seo a oibríonn go dúthrachtach díograiseach.

Seo iad scéalta na ndaoine sin. 

Sa chéad chlár den tsraith Na Builders, cuirfear aithne ar Pháraic Ó Cualáin, ó Jackie Folan Limited, agus a fhoireann atá ag ullmhú don lá atá rompu i gCarna, i gConamara.

I nDomhnach Míde, tá tús curtha ag an gcomhlacht Townmore le forbraíocht mhór árasán agus thíos san oirdheisceart, sa Rinn, Co. Phort Láirge, tá an tógálaí áitiúil, Tom Breathnach, ag obair ar thionscadal féintógála dhá stór.

Idir an dá linn, tá Dave Fingleton ag obair ar thionscadal i Laois. Tá sé ag cur síneadh le teachín a bhí ann cheana ar Shliabh Bladhma; agus i Muineachán, tá an comhlacht BuildWright  ag cur táirgí coincréite ar fáil ar fud na hÉireann agus i Sasana le 70 bliain.

Tá Freddie Ó Loingsigh ag cur bailchríoch ar an halla scoile áitiúil i mBaile Bhuirne.

Tá Coolsivna Construction Ltd  ag forbairt eastáit tithíochta nua do Chomhairle Contae na hIarmhí; agus i bPort Mearnóg tá Phil Loughran, a thosaigh amach ina shiúinéir, ag tógáil tithe sómasacha agus taispeánfaidh sé an tionscadal is déanaí a bhfuil sé ag obair air.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram