Bhí McGregor mar aoi Trump ar Lá Fhéile Pádraig: Féach ar na físeáin

17/03/2025

Tá fearg agus frustrachas sa Rialtas agus timpeall na hÉireann tar éis don Uachtarán Trump Conor McGregor a roghnú mar aoi ard-phróifíle na hÉireann do Lá Fhéile Pádraig

Bhí Conor McGregor mar aoi Éireannach Donald Trump san Oifig Oval ar Lá Fhéile Pádraig – tar éis dó a mhaíomh go bhfuil ‘cambheart inimirce mhídhleathach’ ar siúl in Éirinn.

Agus dúirt rúnaí preasa an Teach Bán Karoline Leavitt: ‘Ní fhéadfaimis smaoineamh ar aoi níos fearr a bheith linn ar Lá Fhéile Pádraig.’

Le linn dó a bheith sa Teach Bán rinne an trodaí éilimh fhrith-inimirce faoi Rialtas na hÉireann agus roinn Elon Musk a thuairimí ar an suíomh meáin shóisialta ar leis é, X.

Bhuail an Taoiseach Micheál Martin leis an Uasal Trump an tseachtain seo caite agus ag an am sin dúirt an tUachtarán gurbh é McGregor an Éireannach ab ansa leis, go páirteach mar go bhfuil ‘na tatúnna is fearr a chonaic mé riamh’ aige.

Conor McGregor sa Teach Bán
Conor McGregor sa Teach Bán

Cháin an tUasal Martin agus an Tánaiste Simon Harris McGregor go láidir mar gheall ar na rudaí a dúirt sé roimh casadh leis an Uasal Trump.

Dúirt an trodaí le Trump go raibh a eitic oibre ‘spreagtha’, agus labhair an bheirt fhear go sona sásta faoi chulaith an trodaí agus léarscáil le Murascaill Mheicsiceo (Gulf of Mexico) ar a dtugtar ‘Murascaill Mheiriceá’ air.

I dtuairimí a roinn sé sa Teach Bán roimh an gcruinniú dúirt an trodaí go raibh sé ag tabhairt cuairte ar an Teach Bán chun ‘na ceisteanna atá os comhair muintir na hÉireann a ardú’.

Dúirt sé: ‘Is suarach an rud atá ar siúl in Éirinn.’

Dúirt sé go bhfuil Éire ag cailleadh a hÉireannachas mar gheall ar ‘cambheart inimirce mhídhleathach’.

Mar sin féin, i bpostáil ar X, dúirt an tUasal Martin: ‘Tá tuairimí McGregor mícheart, agus ní léiríonn siad spiorad Lá Fhéile Pádraig, ná tuairimí mhuintir na hÉireann.’

Agus dúirt an tUasal Harris nach raibh McGregor sna Stáit Aontaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn agus nár labhair sé ar son mhuintir na hÉireann.

I bhfíseán a postáladh ar na meáin shóisialta, dúirt McGregor le Trump: ‘Tá d’eiticí oibre spreagúil. Tá do ráta oibre spreagúil.’

Mar fhreagra, dúirt an tUachtarán Trump: ‘Tú féin freisin. Tá tú go hiontach.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram