Ryan Tubridy: Céard é an tionscnamh mór nua atá ar siúl aige?

Labhraíonn fear na leabhar, Ryan Tubridy, faoina chéad tionscadal liteartha eile

Thug Ryan Tubridy le fios le déanaí go bhfuil tionscnamh nua ar siúl, ach tá sé théis a rá nach bhfuil sé ach ina thús.

D’fhógair an Bleá Cliathach go bhfuil club leabhar á bhunú aige a bheidh baint aige lena phodchraoladh The Bookshelf, a dhíríonn ar an léitheoireacht.

Roimh an tríú sraith, luaigh sé go mbeidh club leabhar á reáchtáil aige nuair nach mbíonn an podchraoladh á thaifeadadh.

Bhí sé le feiceáil in éindí leis an láithreoir Éireannach Aidan Power ar Instagram Live agus bhí lucht éisteachta an phodchraoladh in ann ceisteanna a chur faoi.

Beidh leabhar nua do pháistí á scríobh ag Ryan Tubridy
Beidh leabhar nua do pháistí á scríobh ag Ryan Tubridy

Rinne Ryan agus Aidan Instagram Live eile agus d’fhógair Ryan cén leabhar a bheidh á léamh ag an gclub. Thapaigh Aidan an deis níos mó eolais a fháil ó Ryan faoin tionscnamh seo.

Thug Aidan faoi dearadh freisin gur luaigh Ryan go mbeidh leabhar nua do pháistí á scríobh aige, agus ar ndóigh bhí níos mó eolais faoi de dhíth óna luch leanúna.

‘Tá leabhar nua á scríobh agam, leabhar do pháistí’ a dúirt Ryan. ‘Scríobh mé ceann darbh ainm “Patrick and the President” agus ceann eile darbh ainm “The Christmas Jumper”. Ach beidh an Bhreatain agus Éire luaite sa cheann seo.’

Níor dhúirt sé mórán eile faoin leabhar, ach thug sé le fios go raibh sé thar a bheith gleoite agus go raibh sé ag déanamh machnaimh air ar feadh tamall.

D’admhaigh sé freisin go raibh suim aige a bheith ag obair le maisitheoir Éireannach le haghaidh na léaráidí sa leabhar.  

‘Táimse breá sásta glacadh le moltaí faoin méid sin, nílimid réidh leis é a fhoilsiú go fóill’, a dúirt sé. ‘Mar a tharlaíonn sé, níl ach plean imlíneach déanta agam go fóill.’

Bhí go leor daoine cáiliúla ag Tubridy ar a phodchraoladh The Bookshelf lena n-áirítear an t-údar mór le rá Cecelia Ahern.

Tháinig an-tóir ar an úrscéalaí, atá ina hiníon leis an iar-Thaoiseach Bertie Ahern freisin, leis a céad úrscéal, PS I Love You.

Agus 25 milliún cóip dá 19 n-úrscéal díolta ar fud an domhain, chomh maith le dhá scannán, labhair Cecelia le Tubridy faoina gairm bheatha bisiúil (prolific) agus an leabhar a d’athraigh a saol.

Is ionadh é gur tháinig an píosa scríbhneoireachta ba mhó cáil a bhí ag Cecelia as an eagla a bhí uirthi roimh labhairt go poiblí.

Nuair nach raibh sí ach 21 bliain d’aois, d’fhág Cecelia a cuid staidéir ag déanamh Mháistreacht, díreach trí lá isteach sa chúrsa, nuair a dúradh léi go mbeadh uirthi labhairt os comhair an ranga.

Ina áit sin, thosaigh sí ag scríobh an leabhair istoíche sa bhaile, agus a máthair á spreagadh na chéad chaibidlí a chur chuig gníomhaire (agent).

Laistigh de sheachtainí, fuair sí beart (deal) dhá leabhar, agus bhí PS I Love You ag díol sna siopaí leabhar i 2004.

Agus dúirt an t-údar gurbh é sin ‘an t-am is iontach de mo shaol’.

Dúirt Cecelia: ‘Bhí an-eagla orm ag an am agus bhí an oiread sin de dhíth orm ó na daoine thart orm.

‘Shíl mé, “Cad a tharlódh dá gcaillfinn iad? Cad a tharlódh má chaill mé aon duine?” Agus bhí sé sin uafásach, ag smaoineamh ar na bealaí go léir a d’fhéadfá a shealbhú (hold onto) ar dhuine.

‘Agus ansin ní mise a bhí ann, rinne mé scéal de, mar: “Cad a tharlódh dá scríobh duine éigin litreacha?” Is breá liom an pheannaireacht (handwriting), is dóigh liom má scríobhann duine rud éigin ina peannaireacht féin go bhfuil beagán dá n-anam aige agus coimeádaim é.’

Dúirt sí: ‘Mar sin, shíl mé cad a tharlóidh má chailleann duine duine eile, a bhfuil grá aici dó agus go bhfaigheann sí litreacha uaidh, go leanúnach? Agus is as sin ar dtáinig sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram