

Níl bean ar bith ag oibriú mar bhainisteoir sinsearach i 16% de chomhlachtaí in Éirinn – agus tá sé seo ag dul in olcas dar le tuairisc nua.
Agus is mná iad 6.2% de phríomhfheidhmeannaigh agus 2.5% de chathaoirligh.
Thaispeáin an staidéar céanna ó Grant Thornton anuraidh nach raibh ról sinsearach ag bean in 11.7% de chomhlachtaí ach tá méadú tagtha ar an bhfigiúr seo go 16.3%.

Chomh maith, thaispeáin an staidéar nach raibh ach bean amháin le ról sinsearach ag 13.8% de chomhlachtaí. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil ach bean amháin nó níl bean ar bith ag beagnach aon trian de chomhlachtaí in Éirinn.
Bhí na torthaí seo foilsithe sa tuairisc ‘Women in Business’, atá mar chuid den suirbhé gnó atá curtha le chéile ag an gcomhlacht Grant Thornton.
Dúirt ceannaire na foirne chomhairliúcháin Amanda Ward gur cúis imní a bhí ann gur tháinig méadú le bliain anuas ar an méid comhlachtaí a bhí ann gan bean mar bhainisteoir sinsearach.
Mar sin féin, dúirt sí: ‘Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil dul chun cinn iontach déanta le scór bliain anuas, rud a bhí le feiceáil sa tuairisc Women in Business.’
I measc na ngnólachtaí in Éirinn a bhí mar chuid den suirbhé, ní raibh ach 36.5% de róil sinsearacha bainistíochta ag bean i 2025.
‘Tá an figiúr seo beagáinín níos fearr ná mar a bhí rudaí an bhliain seo caite ó 36% i 2024, agus tá an ráta seo níos fearr ag Éirinn ná mar atá ar fud an domhain, le ráta 34% ar an meán, agus san Eoraip, áit a bhfuil ráta 34.9% ar an meán,’ a deir an tuairisc.
Dúirt Ward freisin: ‘D’iarrfainn ar cheannairí gnó spriocanna uaillmhianacha a bheith acu le go mbeadh mná sinsearacha le feiceáil.
‘Tá sé tábhachtach go gcoinneofar agus go ndéanfar forbairt ar an tallann.
‘Nuair a bhíonn spriocanna áirithe ann maidir le meantóireacht agus líonrú (networking), bíonn sé seo thar a bheith éifeachtach chun an éagsúlacht. Ach ní chuireann gnólachtaí straitéisí mar seo i bhfeidhm go minic.’
Deir an tuairisc: ‘Ní bheidh comhionannas inscne ann do róil sinsearacha bainistíochta go dtí 2051 – rud a thugann le fios go bhfuil brú ama ann chun dul i ngleic le neamhionannas inscne.
‘Cé go bhfuil na figiúirí díomách, tá dul chun cinn déanta i réimsí áirithe.
‘Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn déanta agus tá ardú tagtha ar chéatadán na mban i ngach ról ar fhoireann shinsearach bainistíochta.’
Is mná iad 48.8% d’ardstiúrthóirí acmhainní daonna agus 43.8% d’ardstiúrthóirí airgeadais. Is iad seo na róil is coitianta atá ag mná a bhíonn ag obair mar bhainisteoirí sinsearacha.

Áfach i 2025, is mná iad 6.2% de phríomhfheidhmeannaigh agus 2.5% de chathaoirligh. Is iad seo na róil sinsearacha is neamhchoitianta do mhná.
Dúirt Steve Tennant, comhpháirtí bainistíochta le Grant Thornton: ‘Le blianta fada anuas, tá dul chun cinn fiúntach déanta, agus is mná iad 36.5% de na bainisteoirí sinsearacha sna comhlachtaí a bhí mar chuid den suirbhé – figiúr níos fearr mar atá san Eoraip agus ar fud an domhain.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.