SEACHT DEAG NA GAEILGE! Ag foghlaim Gaeilge níl ach riail amháin: Bain sult as!

16/03/2025

Seachtain na Gaeilge, ar feadh 17 lá – nó an chuid eile de do shaol, ní bheidh deis níos fearr agat

Ag an tráth seo den bhliain is minic a thiteann daoine i ngrá leis an nGaeilge agus iad ag déanamh iarrachta cúpla focal a labhairt.

Tá Seachtain na Gaeilge ag tosú, sampla de dhébhríocht (ambiguities) mór Éireannach; maireann sé ar feadh seacht lá dhéag in ionad seacht.

Tosaíonn sé amárach (Dé Sathairn) agus leanann sé ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Pádraig, débhríocht mór Éireannach eile, a mhairfidh ceithre lá i mbliana is dócha; ón Aoine 14 go dtí an Luan an 17 Márta.

Tá rud éigin ag tarlú don Ghaeilge áfach, rud a fhágann gur am corraitheach í le bheith i do chainteoir Gaeilge.

Siúil trí phasáistí aon ollmhargadh, suí agus ól caife nó beoir nó seas ag fanacht ar bhus, agus beidh roinnt teangacha éagsúla le cloisteáil agat.

Seachtain na Gaeilge i Nás na Ríoga
Seachtain na Gaeilge i Nás na Ríoga

Seachtain na Gaeilge 2025
Nás na Ríogh agus na Solláin
1 – 17 Márta 2025
Téama na féile: Dócha
Cliceáil ANSEO

Tá deireadh tagtha ar an ré in a raibh coimhlint ann idir an Ghaeilge agus an Béarla. Mairimid i sochaí ilchultúrtha agus ilteangach faoi láthair.

Agus tuigeann níos mó Éireannaigh tábhacht ár gcultúir agus ár dteanga féin.

Mar is í an Ghaeilge teanga na hÉireann. Tá sí i gcroílár ár gcultúr, cultúr a bhaineann le gach duine a chónaíonn anseo. Bheadh sé chomh áiféiseach maireachtáil in Éirinn gan Ghaeilge agus cultúr na hÉireann agus a bheadh sé maireachtáil sa bhFrainc gan Fraincis.

inse co feat

Sin an fáth a bhfuil sé tábhachtach go n-éistfidh ár Rialtas le héileamh Chonradh na Gaeilge maidir le hinfheistíocht bhreise €20 milliún d’fhorbairt na Gaeilge.

Tá cónaí orainn i dtír ina bhfuil teangacha as oirthear na hEorpa, an Afraic, an Áise, Meiriceá Theas, mór-roinn na hEorpa agus, ar ndóigh, an Bhreatain agus Meiriceá, ar fáil saor in aisce ar shuímh ghréasáin nuachta ar líne, ar theilifís satailíte agus ar an raidió.

Ach níl mórán Gaeilge ar fáil fós ar na meáin. Tá iarrachtaí á ndéanamh ag go leor cuideachtaí na meán chun é sin a athrú ach tá níos mó le déanamh.

SnaG Cluaindolcain

Tá gá le go leor infheistíochta le go mbeidh an Ghaeilge san áit cheart i gcroílár ár sochaí ilchultúrtha agus ilteangach, atá ag athrú i gcónaí. Idir an dá linn, tá sé níos fusa ná riamh glacadh leis an nGaeilge.

Tá suímh gréasáin ann a thugann an nuacht, an spórt agus an tsiamsaíocht duit ó lá go lá ar nós www.extrag.ie, ar ndóigh, chomh maith le tuairisc.ie. Agus tá nos.ie agus comhar.ie ann freisin, agus go leor podchraoltaí.

Tá sé níos éasca freisin dul ar líne agus an teanga a fhoghlaim.

Lig dom píosa comhairle a thabhairt: tóg d’am, foghlaim ar do luas féin é agus ná bí faoi bhrú le rialacha na gramadaí.

Tá duaiseanna buaite ag ár scríbhneoirí móra, Joyce agus Beckett, a sháraigh na rialacha i mBéarla, tá gach duine againn i dteideal ár dteanga a labhairt cibé bealach is mian linn. Le riail amháin ann: bain sult as.

Mar sin, i mbliana tóg an chéad chéim eile. Más féidir í a úsáid ar feadh seacht lá, seans go bhfanfaidh sí leat ar feadh seacht lá déag. Má fanann sí leat ar feadh seacht lá déag, seans go bhfanfaidh sí leat ar feadh do shaol ar fad.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram