Michael Flynn, an fear a bhuaigh in aghaidh an fhathaigh MVG

20/02/2025

Tugann an laoch dairteanna Michael Flynn sonraí faoin taiscéalaíocht craiceáilte a bhí ar siúl aige

Thug an t-imreoir dairteanna Éireannach Michael Flynn le fios an sciob sceab aisteach a bhí ar siúl aige sular  éirigh leis an mbua a fháil i gcoinne Michael van Gerwen, imreoir atá trí chorn domhanda buaite aige cheana.

Bhí an Players Championship 3 ar siúl i Rosmalen san Ísiltír níos túisce sa tseachtain, agus d’éirigh le Chris Dobey an chraobh a bhuachan ar deireadh.

Ach sa chéad bhabhta, bhí casadh sa scéal nuair a thug an t-imreoir amaitéarach agus oibrí cúraim shóisialta as Luimneach aghaidh ar MVG.

Michael Flynn
Michael Flynn

D’éirigh le Michael Flynn bua 6-5 a fháil ina choinne agus bhí sé mar cheann de na 64 imreoir deireanach sa chomórtas sular tharraing sé siar tar éis imirt i gcoinne Tytus Kanik ón bPolainn.

Bhí an t-ádh air cáiliú don chomórtas mar tharraing imreoirí eile amach as, agus thug sé le fios go raibh sciob sceab i gceist nuair a fuair sé glaoch Dé Domhnaigh seo caite le rá leis go mbeadh ar eitilt chun na hÍsiltíre a chuir in áireamh.

‘Bhí mé ag cothú m’iníon thart ar 11rn agus fuair mé scairt ghutháin  – mo bhainisteoir Greg a bhí ann,’ a dúirt Michael ar an raidió.

‘Dúirt sé, “Tá tú tar éis áit a fháil ar an Pro Tour. Meas tú an mbeifeá in ann a bheith san Ísiltír go luath mar tá tú ag imirt amárach.

‘Labhair mé le mo bhainisteoir oibre. Bhí sí thar a bheith deas faoi. Thuig sí céard a tharla agus bhí sí in ann am saor a thabhairt dom. Agus sheas na leaideanna eile isteach i m’áit agus rinne siad na jabanna a bhí ar siúl agam.

Michael van Gerwen
Michael van Gerwen

‘Bhí an leanbh ina cathaoir cúl-ard agus ghlac mo bhean chéile leis. Bhí mé ar an bhfón ar feadh fiche nóiméad. Bhí mé féin agus Greg ag breathnú ar eitiltí ag lorg ceann ó Bhaile Átha Cliath mar ní raibh ceann oiriúnac ar fáil in Aerfort na Sionainne.

‘D’aimsíomar eitilt ag 5.50in agus roghnaíomar é sin. Phacáil mé mo mhálaí agus bhuail mé an bóthar go sciobtha.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram