

Tá sé léirithe ag staidéar nua go bhfuil sé tugtha le fios ag páistí i nGaelscoileanna go bhfuil foghlaim na Gaeilge ina bhuntáiste dóibh agus iad ag foghlaim teanga eile.
Gaelscoil uirbeach a bhí sa staidéar seo, ní i gceantar Gaeltachta, agus bhí sé i measc páistí i rang a ceathair agus a cúig a bhí ag foghlaim Fraincise i mbunscoil.

De réir an staidéir thuairiscigh na páistí go ginearálta gur bhain siad taitneamh as an tríú teanga a fhoghlaim ar scoil agus dúirt siad go gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach teangacha eile agus cultúir eile a fhoghlaim.
Dúirt siad go raibh foghlaim an tríú teanga difriúil le foghlaim na Gaeilge ar scoil, agus difriúil le foghlaim an Bhéarla freisin.
Dúirt siad freisin go ndírítear níos mó ar an teanga ó bhéal agus an tríú teanga á fhoghlaim acu.
Tagann an t-eolas seo ó thuarascáil nua ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] faoi dhearcadh daltaí bunscoile, a rinne Ionad Oideachais Marino.
Tá an tuarascáil ar fail ANSEO.
Is i mBéarla atá sé. ‘Child’s Voice: Consulting with children as part of the redevelopment of the Primary School Curriculum’, an t-ainm atá air.
Tá sé ar fáil faoi: Case Study on Modern Foreign Language (School E) (Irish-medium school) Lch 73.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.