

Tá sé ráite ag laoch peile Chiarraí Marc Ó Sé go gcreideann sé nár tháinig foireann na Ríochta chuige féin ó d’éirigh a deartháir Darragh as an gcluiche.
Beidh Marc Ó Sé le feiceáil oíche Déardaoin ar an gclár Laochra Gael ar TG4 le cur síos a dhéanamh ar an ngortú agus an gaisce a bhain lena shaol ar an bpáirc imeartha.
Tá cúig Chraobh na hÉireann buaite ag Marc Ó Sé agus bíonn sé ag scríobh faoin bpeil anois ina cholún san Irish Mail on Sunday.

Dhírigh an clár ar mhuintir Uí Shé. Ar ndóigh san iomlán, tá 24 bonn Éireann buaite ag Marc Ó Sé, a uncail Páidí, agus a dheartháireacha Darragh agus Tomás.
Is léir go raibh an-thionchar ag an dteaghlach seo ar smacht na Ríochta ar Chraobh Pheile na hÉireann le blianta fada anuas.
Aisteach go leor, nuair bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann i 2022, b’shin é an chéad uair in os cionn 50 bliain nach raibh baint ag duine de mhuintir Uí Shé leis.
Creideann Marc Ó Sé go ndeachaigh cúrsaí in olcas do Chiarraí de bharr easpa mhisnigh i lár na páirce agus nuair a d’éirigh Darragh as i 2009 chuir sé seo go mór leis an bhfadhb.
‘Céard atá buaite againne ó d’éirigh sé as? Dhá chraobh? Is cúis imní e sin do lucht tacaíochta Chiarraí’, a dúirt Ó Sé.

‘Ní féidir teacht in ionad imreoirí áirithe. Nuair a d’éirigh an “Gooch” as, chuireamar David Clifford ina áit, ach le Darragh, ní dóigh liom gur éirigh linn a áit a líonadh i gceart.’
Dúirt Ó Sé gur chuir easpa fisiciúlachta i lár na páirce isteach go mór ar chumas Chiarraí Craobh na hÉireann a bhaint amach arís anuraidh. D’fhág an bhéim mhór ar an seilbh an fhoireann gan mórán fuinnimh ag deireadh an chluiche leath-cheannais i gcoinne Ard Mhaca.
Laochra Gael, TG4, Déardaoin,9.30pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.