TG4 leis na cluichí móra an deireadh seachtaine seo: Na Dubs v Maigh Eo agus Ciarraí v Dún na nGall

Cuirfear tús le cluichí Sraithe Allianz peile agus iomána CLG an deireadh seachtaine seo, le formhór na gcluichí ar TG4

Beidh an líon is mó cluichí riamh i Sraitheanna Peile agus Iománaíochta Allianz á dtaispeáint ar TG4 i mbliana.

Ón 25 Eanáir go dtí an 6 Aibreán, beidh níos mó ná 40 cluiche ar fáil ar TG4.

Beidh cluichí á dtaispeáint ar TG4 as gach Roinn den tsraith pheile agus ó na ranna is airde san iománaíocht, siad sin Roinn 1A, Roinn 1B agus Roinn 2.

Beidh na cluichí ceannais i ngach Roinn acu sin thuas á gcraoladh beo ag TG4 chomh maith. 

Iománaíocht ar TG4: Aidan McCarthy as an gClár agus Tommy Walsh as Cill Chainnigh
Iománaíocht ar TG4: Aidan McCarthy as an gClár agus Tommy Walsh as Cill Chainnigh

Chomh maith le sin beidh na cluichí ar Dhomhnach na Cinniúna á dtaispeáint ar TG4. 

Siad sin na cluichí don bhabhta deiridh de Shraith Náisiúnta Allianz sa Pheil ar an 23 Márta.

Craoladh speisialta a bheidh anseo le TG4 le tuairisceoireacht ilscáileáin (multi-screen coverage) ó na cluichí ar fad sa bhabhta deireanach i Sraith 1 agus Sraith 2, ionas go mbíonn cur i láthair cuimsitheach tumthach ar GAA Beo. 

Cuirtear tús le craoladh na gcluichí ar TG4, Dé Sathairn, an 25 Eanáir nuair a thugann na seanchéilí comhraic, Áth Cliath agus Maigh Eo, faoina chéile i Sraith 1 sa pheil i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh iomaíocht chomh géar agus chomh spéisiúil céanna Dé Domhnaigh, an 26 Eanáir, idir Ciarraí agus Dún na nGall. 

Cuirtear tús leis an iománaíocht Dé Domhnaigh, an 26 Eanáir, le dhá chluiche i Roinn 1A, Gaillimh le Tiobraid Árann agus Contae an Chláir le Cill Chainnigh, dhá fhoireann a raibh cluiche iontach eatarthu i gcluiche leathcheannais Chraobh na hÉireann anuraidh. 

Eoin McEvoy of Derry in the game against Dublin
Eoin McEvoy of Derry in the game against Dublin

Liosta iomlán na gcluichí 

Féach thíos liosta iomlán na gcluichí do 25-26 Éanáir:

Dé Sathairn 25 Eanáir 

 Peil

Roinn 1

Gaillimh v Ard Mhacha, Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá 17:15 

Tír Eoghain v Doire, Páirc Uí Néill, An Ómaigh 18:00 

Baile Átha Cliath v Maigh Eo, Páirc an Chrócaigh, 7.30pm 

Roinn 2

Corcaigh v An Mhí, SuperValu Páirc Uí Chaoimh 17:00 

An Cabhán v Muineachán, Kingspan Breffni, 18:00 

Roinn 3

Liatroim v Laois, Páirc Seán Úí Eslin, 14:30 

Cill Dara v Fear Manach, Cedral St. Conleth’s, Droichead Nua 17:00 

Roinn 4

Ceatharlach v Tiobraid Árann, Netwatch Páirc Uí Chuilinn, 18:00 

Loch Garman v Londain, Páirc Chadwicks Loch Garman 19:00 

 Iománaíocht

Roinn 1A

Loch Garman v Corcaigh, Páirc Chadwicks , Loch Garman 17:00 

Roinn 1B

Uíbh Fhailí v Ceatharlach, Páirc Ghleann Uisce, 14:00 

Iarmhí v Laois, TEG Páirc Uí Chíosóig, 14:00 

Áth Cliath v Aontroma, Páirc an Chrócaigh 17:00 

Roinn 2

An Dún v Cill Dara, Páirc Mhic Coinn, Baile Uí Chrannáin 14:00 

An Mhí v Dún na nGall, Baile Átha Troim,  14:00

Tír Eoghain v Doire, Páirc Uí Néill, An Ómaigh 16:00 

Roinn 3

Maigh Eo v An Cabhán, Hastings Insurance Páirc Mhic Hale, 14:00 

 Roinn 4

Lú v Fear Manach, Páirc Naomh Bríd, Dowdallshill 14:00 

An Longfort v Warwickshire, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers14:00 

Lancashire v Liatroim, Baile an Aba 14:00 

Cormac O'Brien of Cork in the game agaainst Clare
Cormac O’Brien of Cork in the game agaainst Clare

Dé Domhnaigh 26 Eanáir 

Peil

 Roinn 1

Ciarraí v Dún na nGall, Staid Mhic Gearailt, Cill Áirne 13:45 

 Roinn 2

Ros Comáin v An Dún, King & Moffatt An Dr Hyde Park 14:00 

An Iarmhí v Lú, TEG Páirc Uí Chíosóig, 14:00 

 Roinn 3

Aontroim v An Clár, Páirc Corrigan, Béal Feirste 13:00 

Uíbh Fhailí v Sligeach, Páirc Ghleann Uisce, Tulach Mhór 14:00 

Roinn 4

Cill Mhantáin v Port Láirge, Páirc Echelon, Eachroim 14:00 

An Longfort v Luimneach, Páirc an Phiarsaigh Glennon Brothers 14:00 

Iománaíocht

Roinn 1A

An Clár v Cill Chainnigh, Páirc an Chíosóig, Inis 14:00 

Gaillimh v Tiobraid Árann, Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá 15:45 

Roinn 3

Londain v Ros Comáin, Páirc McGovern, Ruislip 13:00 

Sligeach v Cill Mhantáin, Páirc Markievicz, Sligeach 14:00 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram