

Bhí Gardaí, atá ag fiosrú cás Kyran Durnin, ag ceistiú fear faoi éilimh gur tugadh ‘leanbh decoy’ os comhair oifigigh leasa leanaí.
Gabhadh an fear Dé hAoine san fhiosrúchán dúnmharaithe faoin mbuachaill, a bheadh ocht mbliana d’aois.

Tá sé ag druidim leis an tríú Nollaig ó d’imigh Kyran agus tá suas le ceathrar phríomhamhrastach ag gardaí sa chás.
Gabhadh beirt, fear agus bean, lena gceistiú le cúpla lá anuas, agus cuireadh tús le cuardach ar dhá theach i nDroichead Átha (Drocheda), Co. Lú.
Tá amhras ar na Gardaí go bhféadfadh go bhfuair Kyran bás i 2022, nuair a bhí sé sé bliana d’aois, agus gur cuireadh ceilt ilchasta (elaborate cover-up) ar siúl chun a imeacht agus a bhás a cheilt ó na húdaráis.
Ar an Máirt, gabhadh an príomhamhrastach tar éis di filleadh ar Éirinn ón mBreatain. Scaoileadh saor í níos déanaí.
Ansin ghabh Gardaí an fear Dé hAoine, faoi amhras go raibh baint aige le dúnmharú Kyran.
Bhí sé á cheistiú faoi líomhaintí go raibh baint aige le cabhrú le héalú an linbh a cheilt.
Creidtear gurbh fhéidir gur tugadh ‘leanbh decoy’ isteach le linn cruinnithe le Tusla, chun bás Kyran a cheilt.
Dúirt foinsí slándála go gcreideann siad go raibh dúnmharú Kyran faoi cheilt ag ‘grúpa daoine a raibh aithne acu air’, ach nach bhfuil aon torthaí cinnte acu ag baint leis an fhiosrúcháin go dtí seo.

Dúirt foinse: ‘Is é an rud atá ar eolas againn ná gur cuireadh ceist an-simplí ar an mbeirt seo – “Cá bhfuil an leanbh?” – agus níl freagra ar bith ag gardaí.’
Dúirt Gardaí go raibh siad ag cuardach an tí agus na gairdíní in dhá ionad i nDroichead Átha. Scrúduithe teicniúla agus fóiréinseacha a bhí iontu seo.
Tuairiscíodh go hoifigiúil go raibh Kyran ar iarraidh ó theach a sheanmháthar i nDroichead Átha ag deireadh mhí Lúnasa.
Tháinig sé chun solais ó shin, áfach, go gcreideann gardaí go bhfuil sé ar iarraidh ó thart ar Bealtaine 2022.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.