

Gearrfar praghsanna iontrála do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois i gcluichí sraithe Allianz sna rannáin níos airde an séasúr seo chugainn.
Dúirt an CLG go ngearrfaidh siad €5 ar pháistí atá faoi bhun 16 bliana d’aois atá ag dul go cluichí peile Roinn 1 agus Roinn 2 agus iománaíocht Roinn 1A agus Roinn 1B.
San am a chuaigh thart fuair leanaí cead isteach saor in aisce chuig na cluichí CLG seo, nuair nach raibh suíocháin in áirithe (reserved) i bhfeidhm.

Chomh maith leis sin, de réir na rialacha nua, ní mór na ticéid do leanaí a cheannach ag an am céanna le ticéad do dhaoine fásta.
I ráiteas, luaigh an CLG ‘slua-ríalú (crowd control)’ agus ‘prótacail sláinte agus sábháilteachta (health and safety protocols)’ mar chúis don chinneadh nua seo.
Dúirt an CLG go ndéanfar é seo ‘tar éis dul i gcomhairle lenár gcontaetha agus chun cabhrú le rialú ar chluichí agus prótacail sláinte agus sábháilteachta le haghaidh imeachtaí a mheallann slua mór’.
De réir an CLG: ‘Ní bhainfidh sé le cluichí Roinn 3 agus Roinn 4 sa pheil nó cluichí Roinn 2 agus Roinn 3 san iomáint.
Féadfaidh costas ógánach a bheith i bhfeidhm freisin maidir le heachtraí eile, más gá mar gheall ar thoilleadh (capacity), dúirt siad.
Do na sraitheanna CLG 2025, tá praghsanna iontrála fágtha ag €20 do dhaoine fásta, agus €15 do phinsinéirí agus mic léinn atá ag dul go dtí cluichí peile Roinn 1 agus Roinn 2 agus cluichí iomána Roinn 1A agus Roinn 1B.
€12 (€10 do phinsinéirí/mic léinn) na ticéid do chluichí sraithe íochtair CLG sa pheil agus €10 (€8 do phinsinéirí /mic léinn) san iománaíocht nua Roinn 2, 3 agus 4.

Tá pacáistí ar fáil, le seacht gcluiche de Shraith Pheile Allianz ar phraghas €100, agus €65 ar cheithre chluiche.
Cosnaíonn pacáiste seacht gcluiche do pheil Roinn 3 agus Roinn 4 €70, agus €40 do cheithre chluiche.
I gcluichí Roinn 1A agus Roinn 1B na hiomána, tá €90 ar thicéad do shé chluiche, agus €50 ar thrí chluiche.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.