

Tá Pinch of Snuff, banna ceoil Seapánach, ag dul go víreasach (viral) ar TikTok, as a ngrá do cheol traidisiúnta na hÉireann.
Is grúpa ceoltóirí iad a bunaíodh 15 bliana ó shin mar gheall ar an ngrá a bhí acu d’amhráin agus d’fhoinn Ghaelacha.
Ag roinnt a gcuid léirithe ar na meáin shóisialta, tá lucht leanúna nua ag an ngrúpa, agus tá go leor daoine in Éirinn ag déanamh comparáide idir iad agus The Pogues.
Tá breis agus 140,000 radharc faighte cheana féin ar cheann de na físeáin is déanaí acu, mar aon le croí ó go leor de lucht ceoil na hÉireann.

‘Is banna ceoil Seapánach muid agus taitníonn ceol traidisiúnta na hÉireann linn,’ a scríobh Pinch of Snuff, in éineacht lena leagan den amhrán cáiliúil, Mo Ghile Mear.
‘Tá muid le chéile mar bhanna le 15 bliain ach tá cuid de na baill eile ag seinm ceol traidisiúnta na hÉireann le beagnach dhá scór bliain,’ a dúirt Tiger, ceannaire Pinch of Snuff, le District Magazine.
Bunaithe ar an ngrá d’Éirinn agus ar an ngá atá acu don cheol, seinneann Pinch of Snuff ceol i dtithe tábhairne timpeall Tóiceo.
‘Tá ceol na hÉireann chomh hálainn, chomh cumhachtach, chomh bog agus chomh brónach,’ a dúirt Tiger.
‘Chomh maith leis sin, tá na gnéithe doimhne teicniúla agus speisialaithe iontach suimiúil agus ní éiríonn mé tuirseach díobh.’
Tháinig a ngrá don cheol Gaelach ó radharc cáiliúil an scannáin, Titanic, leis céilí shios staighre.
D’fhiosraigh siad an ceol agus d’aimsigh siad bannaí ar nós The Pogues agus The Chieftains.
D’ainmnigh Pinch of Snuff iad féin i ndiaidh an amhráin thraidisiúnta den ainm céanna.
Tá trí albam iomlán eisithe acu agus seinneann siad feadóga stáin, píobaí uilleann, fidil agus raon leathan d’uirlisí traidisiúnta na hÉireann.
Go rialta, eagraíonn Pinch of Snuff agus an pobal Éireannach i dTóiceo seisiúin thraidisiúnta.
‘Ní raibh mé in Éirinn riamh ach tá meas agam ar chultúr an tábhairne,’ a dúirt Tiger ‘fiú sa tSeapáin, éiríonn daoine ar meisce agus canann siad le chéile ag ár mbeáir traidisiúnta’.
Tá thart ar 1,500 Éireannach ina gcónaí sa tSeapáin agus mar sin tá lucht féachana fonnmhar ag Pinch of Snuff.
Tá níos mó ó Pinch of Snuff ar TikTok ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.