Rugadh Shane MacGowan ar 25 Nollaig 1957, gar do Tunbridge Wells i Sasana. Inimircigh agus ceoltóirí Éireannacha ba ea a thuismitheoirí.
Dúirt Shane gur fhoghlaim sé amhrán gach lá óna theaghlach ar thaobh a mháthar, dar leis an Guardian.
Fuair sé scoláireacht chuig scoil Westminster ach díbríodh é as drugaí a bheith ina sheilbh aige sa dara bliain. Agus é ina dhéagóir smaoinigh sé ar dhul isteach sa sagartacht – ach ansin tháinig sé ar phunc.
‘Bhí mé sásta le linn punc. Iontach sásta. Glaonn tú chaos air. Ní fhéachaim air mar chaos. Breathnaím air mar bheatha nádúrtha,’ a dúirt sé.
Bhunaigh Shane agus John Hasler an banna Pogue Mahone – aistriúcháin de ‘póg mo thóin’. D’athraigh siad a n-ainm go dtí na Pogues ionas go mbeadh an BBC sásta iad a chraoladh.
D’éirigh go maith le céad albam an bhanna i 1984, Red Roses for Me, agus rinne siad dhá albam iontacha eile, i 1985, Rum Sodomy & the Lash, léirithe ag Elvis Costello, agus i 1988 If I Should Fall From Grace With God.
Ba é Hell’s Ditch, a eisíodh i 1990, cúigiú halbam an bhanna agus an ceann deireanach a raibh Shane ina bhall de.
Shroich an t-amhrán is rathúla de chuid The Pogues, Fairytale of New York, le Kirsty MacColl, Uimhir 2 i 1987 agus rinneadh clasaiceach na Nollag de.
Tar éis dó titim ar an mbealach chun tacú le Bob Dylan i 1988, diagnóisíodh go raibh heipitíteas air agus dúradh leis go bhfaigheadh sé bás mura stopfadh sé ag ól. Briseadh Shane ón mbanna i 1991 nuair nár éirigh leis freastal ar sheónna beo le linn turas timpeall na Seapáine.
Bhog sé ón Téalainn go Tiobraid Árann agus bhunaigh sé an banna Shane MacGowan and the Popes, a thaifead dhá albam stiúideo. Chuaigh sé isteach arís leis na Pogues i 2001, a mhair go dtí 2014.
Sa bhliain 2000, thug Sinéad O’Connor tuairisc faoi Shane do na póilíní as hearóin a bheith ina sheilbh aici, ag súil le stop a chur leis é a úsáid. In ainneoin a chuid feirge ar dtús, ghabh sé buíochas le O’Connor as cuidiú leis éirí as an druga.
Nuair a fuair mac le Sinéad, Shane, bás i mí Eanáir 2022, thug Shane MacGowan ómós di, ag rá: ‘Is minic a rinne tú iarracht leigheas agus cuidiú a thabhairt.’
Glacadh Shane san ospidéal um Nollaig na bliana seo caite tar éis dó ionfhabhtú (infection) tromchúiseach a fháil ar einceifilíteas víreasach (viral encephalitis) – at (swelling) san inchinn.
I mbliana dheimhnigh a bhean chéile Victoria Mary gur chaith an t-amhránaí roinnt laethanta san aonad dianchúraim agus go raibh sé san ospidéal arís faoi cheist sláinte.
Ar Déardaoin, dúirt a bhean chéile Victoria Mary Clarke go raibh Shane ar shlín na Fírinne. Dúirt sí: ‘Beidh Shane i gcónaí mar an solas a shealbhóidh mé romham agus tomhas mo bhrionglóidí (the measure of my dreams) agus grá mo shaoil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.