Tá meangadh gáire ar Shane MacGowan i bpictiúr nua atá curtha ar Twitter ag taispeáint go bhfuil sé ag teacht chuige féin.
Tá sé fós san ospidéal tar éis dó roinnt laethanta a chaitheamh san ICU, a dúirt a bhean chéile Victoria Mary Clarke.
Bhí sé san ospidéal um Nollaig na bliana seo caite tar éis dó ionfhabhtú tromchúiseach (serious infection) a fháil, ‘viral encephalitis’, a dhéanann at san inchinn (swelling of the brain).
Fuair an t-amhránaí an shingles agus é san ospidéal an uair deireadh, agus bhí air fanacht ann ar feadh seachtaine sular fhill sé ar a bhaile lena bhean chéile.
Tá teachtaireacht dhearfach curtha suas ag Victoria anois ar Twitter, áfach, ag rá: ‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine atá ag seoladh grá agus paidreacha ar son Shane.
‘Tá muid fíor-bhuíoch as agus beannaímid gach duine agaibh agus aon duine in aon áit a bhfuil dúshláin sláinte rompu.’
Dúirt sí le déanaí: ‘Tá Shane fós san ospidéal ach tá ag éirí go maith leis agus tá cúram á thabhairt dó.
‘Níor theastaigh uaim go mbeadh daoine buartha faoi. Tá sé as an ICU agus tá ag éirí go maith leis.’
De réir tuairiscí, tá cóireáil á fháil ag Shane in ospidéal i mBaile Átha Cliath ó dheireadh mhí an Mheithimh.
Tá cathaoir rothaí agus cúramóir lánaimseartha ag teastáil ó Shane, atá 65 bliain d’aois, tar éis dó a pelvis a bhriseadh in 2016 sular bhris sé a ghlúine agus a chuid ligaments a stróiceadh i 2020.
An mhí seo caite dúirt Victoria: Bhí go leor suaiteachta (turbulence) i mo shaol le déanaí agus bhí sé an-mhothúchánach agus scanrúil freisin.
‘Ach le cúpla lá anuas thug mé faoi deara cé go bhfuil go leor eagla ann go bhfuil grá agus tacaíocht ollmhór agus beannachtaí dochreidte ann freisin.
‘Sílim gur féidir lenár n-intinn a bheith an-láidir in aghaidh athrú agus ár saol a chroitheadh agus a atheagrú agus ní mór dúinn a bheith an-mhín agus foighneach linn féin.
‘Is dúshlán é fanacht i láthair le do mhothúcháin. Go raibh maith agat do gach duine a thug tacaíocht dom agus Shane,’ a dúirt sí.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.