Tá ‘grá agus paidreacha’ iarrtha ag bean Shane MacGowan Victoria Mary Clarke, dóibh siúd atá ‘ag streachailt’, i dtéacs faoina sláinte.
Glacadh Shane san ospidéal um Nollaig na bliana seo caite tar éis dó ionfhabhtú (infection) tromchúiseach a fháil ar einceifilíteas víreasach (viral encephalitis) – at (swelling) san inchinn.
Dheimhnigh a bhean chéile Victoria Mary gur chaith an t-amhránaí roinnt laethanta san aonad dianchúraim agus go bhfuil sé san ospidéal arís faoi cheist sláinte.
Cé go bhfuil ‘an amlíne ag athrú i gcónaí’ maidir leis an ospidéal a fhágáil, dúirt Victoria Mary go bhfuil sí dóchasach go mbeidh a fear céile sa bhaile in am do shéasúr na Nollag.
Ag dul ar na meáin shóisialta, roinn Victoria Mary íomhá de Shane ag baint úsáide as gaireas análaithe (breathing apparatus) ina leaba ospidéil agus í ag seoladh ‘grá agus paidreacha’ chuig aon duine a bhí ag dul trí rud éigin cosúil le Shane.
Sheol sí ‘buíochas ollmhór’ freisin chuig baill a bhanna agus dúirt gur thug Spider Stacy agus Terry Woods cuairt ar Shane, a gcomhghleacaí banna sna Pogues.
‘Ba mhaith liom buíochas ollmhór a rá le gach duine a chuir teachtaireacht chugam agus @ShaneMacGowan agus buíochas a ghabháil leat @spiderstacy agus Terry Woods as teacht ar cuairt chuige.
‘Grá agus paidreacha ar son gach duine atá ag streachailt faoi láthair. Fanaigí ann,’ a scríobh sí.
Níos luaithe sa tseachtain, phléigh Victoria ‘eagla uafásacha an chaillteanais’ agus í ag postáil íomhá di agus Shane ag pógadh.
‘Is é grá an rud is áille agus is cumhachtaí ar féidir linn a fhulaingt mar dhaoine ach féadann grá a bheith pianmhar freisin go háirithe má bhíonn eagla ort go gcaillfidh tú duine nó aon rud eile a bhfuil grá agat dó.
‘Is é an dúshlán fíor-mhór atá le sárú againn go léir ná dul thar teorainneacha an ghrá, agus cad is grá ann i ndáiríre.
‘Go minic is féidir cur síos níos cruinne ar an rud ar a dtugaimid grá mar cheangal nó dúil nó riachtanas nó cumha nó gar nó ceangal.
‘Agus tá siad seo go léir fíorluachmhar agus ní mór dúinn gach cuid dár n-eispéireas a admháil agus a thuiscint agus glacadh leis,’ a dúirt sí.
Dúirt Victoria Mary, 57: ‘Ní féidir leat saol a shamhlú gan an duine seo a bhfuil grá agat dó… Is sna tráthanna seo agus tú ag stánadh ar an ‘abyss’ a mbíonn deis agat do chomhfhiosacht a leathnú thar theorainneacha d’intinn.
‘Tá deis agat níos mó a fháil amach fút féin i ndáiríre agus níos mó faoi cé hí d’anam i ndáiríre agus níos mó faoin nasc atá agat leis an duine seo a bhfuil grá agat dó…
‘Bí ag súil le grá, is cuma cad atá ag tarlú i do shaol agus lean ar aghaidh ag tabhairt cuireadh do na haingil agus na treoraithe go léir chun tacú leat agus bíodh a fhios agat gurb é grá an rogha is fearr i gcónaí!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.