

Tá sé ráite ag daltaí a bhfuil cosc orthu cluichí CLG a imirt ar a scoil go leanfaidh siad orthu ag agóidíocht go dtí go mbeidh foireann chlichí Gaelach na scoile acu.
Tá agóid ar siúl arís ag daltaí sinsearacha Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan (Dundalk Grammar School) mar nach dtabharfaidh an scoil cluichí Gaelacha isteach dóibh.

Deir an scoil gurb é an chúis atá leis seo ná go bhfuil siad ag iarraidh díriú ar haca, sacar agus rugbaí.
Mar sin féin, imrítear cúig spórt eile, badmantan, lúthchleasaíocht, treodóireacht (orienteering), cruicéad (cricket) agus cispheil.
Tá sé ráite ag lucht eagraithe na hagóide gur thacaigh breis is 400 dalta, 90% de mhúinteoirí, cumann tuismitheoirí agus múinteoirí (Parents and Teachers Association) agus tuismitheoirí le tabhairt isteach cluichí Gaelacha i Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan ((Dundalk Grammar School).
Ba é an agóid Dé hAoine an dara agóid a rinne na mic léinn ó mhí na Bealtaine, agus tá sé beartaithe acu níos mó a reáchtáil.
Scríobh an Príomhoide, Jonathan Graham, chuig Comhairle na nDaltaí ar 28 Lúnasa ag cur in iúl dóibh nach mbeadh Peil Ghaelach san áireamh i spóirt na scoile.
Leanann na daltaí ar aghaidh ag imirt cluichí Gaelacha, áfach, agus cuireadh foireann daltaí ón scoil isteach i gCorn Lennon (comórtas scoileanna Lú) agus d’imir siad a gcéad chluiche in aghaidh Bhaile Mhic Éinigh (Ballymakenny).
Fuair na múinteoirí a bhí páirteach ansin litreacha ó Chathaoirleach Bhord na nGobharnóirí ag rá nach mbeadh árachas (insurance) ag mic léinn spórt neamhcheadaithe a imirt.

Dúirt an lucht eagraithe go dúradh sa litir go gcaithfear an fhoireann a tharraingt siar ón gcomórtas mar go bhfuil cosc ar an spórt.
Ach ní dúirt an litir cén fáth a raibh cosc ar chluichí Gaelacha.
Tá fonn ar roinnt tuismitheoirí an cosc a chur ar ceal agus tá siad ag tairiscint urraíocht (sponsorship) a dhéanamh ar threalamh (equipment) agus fiú ar chostais árachais a chlúdach.
Tá tairiscint déanta ag Bord Chontae Lú idirghabháil a dhéanamh.
Dúirt siad go gcabhróidís leis an árachas trí ligean d’imreoir ar bith atá ina bhall de chlub Gaelach a bheith clúdaithe faoi árachas CLG dá n-imreoidís don scoil.
Tá cruinniú iarrtha ag Cathaoirleach agus Uachtarán Bhord Chontae Lú CLG le Bord na nGobharnóirí ach níl aon fhreagra ar a n-iarratas fós.

D’éiligh na mic léinn cathain a cuireadh cosc ar Pheil Ghaelach mar bhí siad á imirt sa scoil go luath sna 2000í.
Bhí oiliúint ocht seachtaine faighte ag an Scoil Shóisearach ag an am ó CLG Lú.
Dúirt an Teachta Dála áitiúil de chuid Shinn Féin, Ruairí Ó Murchú: ‘Tá na mic léinn ag Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan tar éis dul ar na sráideanna don dara huair le míonna anuas, chun agóid a dhéanamh faoin gcosc ar chluichí Gaelacha.
‘Tacaíonn na múinteoirí leo, tromlach na scoláirí, tacaíonn siad leis an agóid, tacaíonn CLG Lú leo, tacaíonn Uachtarán an CLG Jarlath Burns leo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.