

Arís agus arís eile, le féilte agus an craic, thaispeáin pobal Ghaeltacht Phort Láirge agus na gceantar máguaird an bealach inar féidir leo rudaí a fheabhsú don phobal áitiúil, don Ghaeilge agus don timpeallacht trí oibriú le chéile.
Is dócha gurb é sin an fáth a bhfuil Port Láirge ainmnithe mar Chathair Eorpach na Nollag don bhliain seo.

Mar sin féin, i mbliana tá Daidí na Nollag ag teacht go luath le deontais do ghrúpaí chun féilte agus imeachtaí a eagrú don bhliain amach romhainn.
Cheana féin tá Spraoi, Féile an Fhómhair, Winterval agus Féile Bia Phort Láirge tar éis a thaispeáint cad is féidir a dhéanamh sa cheantar – agus táthar ag súil le níos mó féile as seo amach.
Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar Scéim Deontas Féilte agus Imeachtaí 2025 de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le himeachtaí ar fud Phort Láirge a chuidíonn chun áit níos bríomhaire agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Phort Láirge.
Mar thoradh ar an rath a bhí ar chuid d’fhéilte na bliana seo caite, a chuir clár níos glaise don timpeallacht ar fáil, tá béim ar inbhuanaitheacht i bpróiseas iarratais na bliana seo arís.
Tá an tÚdarás Áitiúil ag iarraidh oibriú leo chun sprioc Phort Láirge a bhaint amach, is é sin, a bheith mar an chéad limistéar atá neodrach ó thaobh carbóin de in Éirinn.
Iarrtar ar fhéilte agus ar imeachtaí aird a tharraingt ar réimse bearta inbhuanaithe, ar nós úsáid a bhaint as cineál nuálach fuinnimh in-athnuaite trí Ola Glasraí Hidriginithe (HVO), cosc iomlán ar gach plaisteach aon úsáide agus stáisiúin uisce athlíonta ar an láthair a sholáthar, nuair is féidir.
Le haghaidh 2024, leithdháil Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge €1,653,557 i maoiniú d’fhéilte agus d’imeachtaí.
Thacaigh an leithdháileadh le 71 féilte agus imeachtaí a bhfuil leas eacnamaíoch, turasóireachta, cultúrtha/ealaíonta nó pobail ag baint leo do Phort Láirge.
Dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, Jason Murphy: ‘Is deis iontach é seo d’fhéilte sean-bhunaithe, d’fhéilte nua agus d’fhéilte sainréimse cur isteach ar mhaoiniú.
‘Tá réimse ollmhór tallainn agus cruthaitheachta i bPort Láirge. Cé go bhfuil na féilte sean-bhunaithe, ar nós Spraoi, Féile an Fhómhair, Winterval agus Féile Bia Phort Láirge neadaithe go dlúth anois i saol féilte Phort Láirge, tá féilte agus imeachtaí nua atá ag teacht chun cinn agus iad chomh spreagúil agus chomh difriúil céanna.
‘Sa bhliain 2024 tugadh deontas maoinithe do 14 féilte nua, agus tá súil againn go dtiocfaidh ardú ar an líon sin arís i 2025.’
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Seán McKeown: ‘Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tiomanta tacaíocht a thabhairt do thallann áitiúil agus do chothú spiorad láidir pobail.

‘Tá an spiorad pobail le feiceáil go soiléir sna féilte éagsula a tharlaíonn ó cheann ceann na bliana, ó thús na bliana go dtí mí na Nollag, nuair a bhíonn féile Winterval ar siúl i gCathair Phort Láirge, atá mar Chathair Eorpach na Nollag do 2024.’
Dúirt an tUasal McKeown chomh maith: ‘Ní hamháin go dtugann siad beocht don gcathair agus don gcontae do gach duine atá ina gcónaí anseo, ach meallann siad an-chuid chuairteoirí go dtí Port Láirge agus tá ról nach beag acu i gcaiteachas luachmhar a ghinniúint sa gheilleagar áitiúil.’
Ní mór iarratais a chur isteach ar líne ag www.waterfordfestivals.ie áit ar féidir le hiarratasóirí acmhainní a fháil chun cabhrú leo lena n-imeacht a chur i gcrích.
•Is é 4pm ar an Luan, 4 Samhain, 2024, an spriocdháta le haghaidh iarratas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.