Is í an bhliain seo chugainn comóradh 100 bliain ar an gcéad phlean náisiúnta tábhachtach ón Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i Saorstát nua neamhspleách na hÉireann.
Agus bhí ról tábhachtach ag roinnt príomhphearsana a labhair Gaeilge as Port Láirge i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1925.
Ina measc siúd bhí an Ginearál Risteárd Mulcahy, cathaoirleach an Choimisiúin.
Bhí Séamus Ó hEochadha, ‘an Fear Mór’ as Coláiste na Rinne, ina bhall den Choimisiún a bhí ag cur Gaeilge chun cinn freisin.
Reáchtáladh ceann de chéad éisteachtaí poiblí an Choimisiúin i nDún Garbhán i mí Dheireadh Fómhair 1925.
Agus níl iontu sin ach cuid de na naisc atá ag Port Láirge leis an gcéad phlean tábhachtach sin Chun Gaeilge a chur ar aghaidh.
Sé sin plean de Shaorstát na hÉireann chun tacú leis an nGaeilge agus an chéad iarracht chun ceantair Ghaeltachta na hÉireann, mar a thugtar orthu anois, a shonrú.
Mar sin, conas a tharla sé seo?
Cuireadh na síolta chuige seo i bhfad sular bunaíodh an Coimisiún agus foilsíodh a thuarascáil.
Mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, tabharfaidh Liam Suipéil, iar-Stiúrthóir Choláiste na Rinne, caint dhátheangach ina ndéanfar iniúchadh ar an tslí ar tháinig na naisc níos luaithe seo chun cinn.
Fiosróidh sé an tionchar a bhí ag Coláiste na Rinne agus ag Gaeltacht Phort Láirge agus a muintir ar bhunchloch pholasaí na Gaeilge i mblianta tosaigh Stát na hÉireann.
Beidh sé ar siúl i Leabharlann Dhún Garbhán ar 7in, Dé Máirt seo chugainn, 20 Lúnasa.
Is ceiliúradh é seo ar Phort Láirge agus ar an nGaeilge.
Mar sin mar chuid den cheiliúradh beidh an píobaire uilleann as Port Láirge, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, David Power, ag seinm chúpla port mar léiriú ar thraidisiún cultúrtha bríomhar agus saibhir Phort Láirge.
Tá an t-imeacht seo mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2024 Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Is ócáid saor in aisce é . Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.