

Tá láithreoir an BBC Jay Blades cúisithe as mí-úsáid chorpartha agus mhothúchánach (emotional) ar a bhean chéile.
Cuireann Blades, atá 54 bliain d’aois, an seó móréilimh, The Repair Shop, i láthair ar BBC 1.
Tháinig sé os comhair cúirte agus cúisíodh é as ‘iompar leanúnach, arís is arís eile (repeatidly and continuously)’ thar 20 mí.
Baineann an cúiseamh lena bhean chéile Lisa Zbozen, atá 43 agus atá ina teagascóir aclaíochta.
D’fhógair sí ar Instagram an 2 Bealtaine go raibh an pósadh fágtha aici.

An lá dár gcionn, chuir Póilíní West Mercia tús le himscrúdú tar éis d’oifigigh ‘imeacht chuig seoladh’ áit ar ghabhadh é.
Líomhnaítear i ndoiciméid na cúirte go raibh sé ‘ag gabháil d’iompar go leanúnach arís is arís eile, is é sin mí-úsáid chorpartha agus mhothúchánach’.
Bhí ‘tionchar tromchúiseach ag an iompar líomhnaithe i leith a mhná céile’ agus bhí a fhios ag Blades, nó ba cheart go mbeadh a fhios aige, go mbeadh tionchar tromchúiseach ag an iompar sin uirthi’, de réir an chúisimh.
Chuir an scéala faoina láithreas cúirte iachall ar an BBC a sceideal a athrú, agus deireadh a chur le hathchraoladh de, David and Jay’s Touring Toolshed, a bhí beartaithe.
Is iad Blades agus an t-aisteoir David Jason a chuireann an seó i láthair agus bhí sé le craoladh ar BBC1 ag 8pm.
Tuigtear go bhfuil an BBC ag déanamh athbhreithniú breise ar a sceidil, agus nach bhfuil sé beartaithe aige aon rud a chraoladh ina bhfuil Blades le feiceáil ann faoi láthair.
Mar sin féin, fanfaidh a chuid seónna ar an BBC iPlayer.
Ar an Déardaoin, an lá roimh Blades sa chúirt, d’fhógair cuntas meáin shóisialta The Repair Shop ‘turas beo spreagúil nua’ le Blades.
Bhí Blades le bheith páirteach i dturas le The Repair Shop: Secrets From The Barn 2025 le saineolaithe eile ón seó ó mhí Feabhra.
Dúirt an BBC: ‘Ní bheadh sé cuí trácht a dhéanamh ar imeachtaí dlíthiúla atá ar siúl.’
Tháinig an láithreoir, arb as Claverley i Wolverhampton, Sasana, é os comhair Cúirt Ghiúistísí Kidderminster agus tugadh bannaí coinníollach dó roimh éisteacht pléadála ag Cúirt na Corónach i Worcester ar an 11 Deireadh Fómhair.
Líomhain an leathán cúisimh gur tharla an tréimhse ciontaithe idir an 1 Eanáir anuraidh agus Déardaoin na seachtaine seo caite.
Ina athair de thriúr, phós sé Zbozen, arb í an dara bean a bhí aige, i mBarbadós ar 22 Samhain, 2022.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.