

Táthar ag súil go n-ardóidh an teocht go 22C ar an Luan – agus d’fhéadfadh go leanfadh sé de bheith i lár na 20idí go dtí Dé Céadaoin, a deir Met Éireann.
Faraor, áfach, ní solas na gréine agus an tuar ceatha (rainbows) amháin a bheidh ann an tseachtain seo.
Is dócha go spreagfaidh an t-athrú mór ar theocht stoirmeacha toirní (thunder storms).

Dúirt Met Éireann: ‘Beidh aimsir the agus tais (humid) ann agus b’fhéidir go mbeidh roinnt ceathanna toirneach (thunder storms) a bheith ann freisin, i dtreo lár na seachtaine.’
Ar an iomlán, áfach, tá cuma níos dearfaí ar an tseachtain seo dúinne atá ag iarraidh beagán gréine samhraidh.
Ag tabhairt eolas laethúil ar a bhfuil le bheith ag súil leis, dúirt Met Éireann: ‘Beidh roinnt éiginnteachta ann don Luan, ach táthar ag súil le roinnt aimsir thirim le tréimhsí te gréine agus gaotha éadroma thiar theas.
‘Mar sin féin, is dócha go gcuirfidh scamall íseal agus báisteach fhánach isteach ar dhaoine i limistéir chósta an Atlantaigh, áit a mbeidh sé fionnuar (cool).
Idir 17C agus 24C a bheidh na teochtaí arda agus beidh sé is teo ar fud lár na tíre, san oirdheisceart agus san oirthear.
‘Ar an iomlán, beidh sé tirim agus socair Dé Máirt, le meascán de scamall agus tréimhsí gréine,’ a dúirt Met Éireann.
‘Arís, beidh sé te agus tais ar an gCéadaoin, le teocht sna 20idí íseal nó b’fhéidir lár na 20idí.
‘D’fhéadfadh roinnt Ceathanna a bheith ann níos déanaí agus beidh sé te agus tais le teocht ag ardú go forleathan go dtí na 20idí ísle.
‘Cé go mbeidh go leor aimsire tirim ann le solas na gréine, d’fhéadfadh roinnt ceathanna toirneach a bheith ann freisin,’ de réir Met Éireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.