

Tá an Páirtí Daonlathach aontaithe arís in aghaidh Donald Trump, tar éis do Joe Biden tarraingt siar as an rás le bheith ina chéad uachtarán eile.
Léirigh pobalbhreith nach dócha go mbeadh an bua aige agus go ndéanfadh sé dochar do sheansanna chomhaltaí an pháirtí seasamh don Seanad agus do Theach na nIonadaithe (House of Representatives).

Mar sin féin, lean Biden ag cur in aghaidh a chomhghleacaithe páirtí agus a lucht tacaíochta, go dtí gur tháinig tuairiscí amach gur chuir Barack Obama é faoi bhrú. Tá sé ráite gur chuir sé sin ina luí ar Biden seasamh ar leataobh.
Dúirt Biden go rachaidh sé ar leataobh agus go dtacóidh sé lena leas-uachtarán Kamala Harris, a gheobhaidh tacaíocht freisin ó chomhaltaí sinsearacha an Pháirtí Dhaonlathaigh ar nós na Clintons.
Dúirt Biden go raibh a chinneadh déanta aige ‘ar son mo pháirtí agus na tíre’ – ach fanfaidh sé mar uachtarán do dtí deireadh a théarma.
Thacaigh Biden le Kamala Harris a bheith ina hainmní nua don Pháirtí Daonlathach agus dúirt Harris go ndéanfaidh sí ‘gach rud atá i mo chumhacht chun ár náisiún a aontú chun Donald Trump a ruaigeadh’.
Thacaigh an t-iar-uachtarán Bill Clinton agus a bhean chéile Hilary, a sheas i gcoinne Trump i 2016, le Harris freisin, ag rá go gcaithfidh na Daonlathaigh ‘troid le gach rud atá againn chun í a thoghadh’.
Tá na Meiriceánaigh ag vótáil i gceithre mhí, 5 Samhain.
Bhí an chuid is mó de na Meiriceánaigh buartha faoin Uachtarán Biden cheana féin.
An raibh sé in ann a chuid oibre a dhéanamh – agus leanúint ar aghaidh á dhéanamh má atoghadh é?
Chomh maith leis sin bhí póstaeir á dtaispeáint ag lucht tacaíochta Trump ag rá: ‘Joe Biden, You’re fired’.

B’abairt é sin a bhí ag Trump, nuair a bhí sé mar láithreoir ar an tsraith theilifíse The Apprentice in America.
Agus bhí faitíos ar Barack Obama go bhféadfadh Trump smacht a fháil ar an uachtaránacht, ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad – agus go scriosfadh sé an dea-obair ar fad a rinne Joe Biden.
Mar gheall ar sin dúirt Obama, a roghnaigh Joe Biden le bheith ina leasuachtarán leis, gur cheart dó éirí as.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.