An bhfuil sé ró-dhéanach an Fhrainc a shábháil ó Le Pen, agus á rialú ag páirtí i bhfad ar dheis?

02/07/2024

Shocraigh Macron toghchán gasta ach d’fhéadfadh go gciallódh sé sin go mbeidh páirtí i bhfad ar dheis Le Pen i gcumhacht tar éis an dara toghchán Dé Domhnaigh

Tá an Fhrainc i gcruachás polaitiúil tar éis do pháirtí ar dheis de chuid  Marine Le Pen an chéad bhabhta de thoghchán, a shocraigh an tUachtarán Macron go tobann, a bhuachan.

Tharla foréigean ar shráideanna Pháras nuair a fógraíodh na torthaí i bhfabhar Le Pen.

Bhris siad fuinneoga siopa, chuir siad bruscar ar lasadh agus sheol siad bladhmanna (flare).

Chuaigh póilíní círéibe (riot police) i ngleic le lucht agóide sa Place de la Republique, fócas le haghaidh léirsithe feargacha in aghaidh ardú Rassemblement National (RN), pháirtí Le Pen.

Emmanuel Macron
Emmanuel Macron

Bhuaigh páirtí Le Pen 33% de na vótaí go léir sa chéad bhabhta de na toghcháin náisiúnta, rud a d’fhág comhghuaillíocht uachtarán na Fraince Emmanuel Macron sa tríú háit taobh thiar de chomhrialtas den eite chlé.

Thug Príomh-Aire na Fraince Gabriel Attal foláireamh go raibh Le Pen agus RN ag ‘geataí na cumhachta’, agus d’impigh sé ar pháirtithe oibriú le chéile chun an ceart crua a chosc ó thromlach glan a bhuachan.

Tugann pobalbhreith le fios gurb é RN an t-aon pháirtí a d’fhéadfadh an bua a fháil go hiomlán sa dara babhta vótála Dé Domhnaigh.

Dúirt siad, áfach, nach mbeidh siad in ann an 289 suíochán a theastaíonn, do thromlach glan sa Tionól Náisiúnta le 577 suíochán.

Tá súil ag na daoine atá in aghaidh RN agus Le Pen go bhféadfadh vótaíocht theaicticiúil sa dara babhta bac a chur ar a mbealach chun cumhachta.

Ciallaíonn córas toghcháin dhá bhabhta na Fraince gur féidir le hiarrthóirí i gcomórtais trí bhealach tarraingt siar, in iarracht vótálaithe a aontú taobh thiar de dhuine amháin.

Spreag an tUasal Attal iarrthóirí a pháirtí féin éirí as dá mbeadh siad sa tríú háit taobh thiar de RN agus iarrthóir den eite chlé.

Dúirt sé go raibh dualgas ‘morálta’ ar vótálaithe stop a chur le Le Pen agus RN ó thromlach glan a bhuachan. De réir cuntas ón nuachtán Francach Le Monde, tharraing 169 iarrthóir siar oíche Dé Luain.

Is é oíche Dé Máirt an spriocdháta le haghaidh aistarraingtí.

Bhí toradh RN ar an Domhnach gan fasach (unprecedented) do pháirtí i bhfad ar dheis sa Fhrainc.

Marine Le Pen
Marine Le Pen

Bhuaigh comhghuaillíocht na heite clé den Nouveau Front populaire 28% den vóta agus níor bhuaigh Macron’s Ensemble ach 22%.

Má bhuann Le Pen agus RN tromlach glan, d’fhéadfadh siad an chéad rialtas i bhfad ar dheis sa Fhrainc a chruthú, ón Dara Cogadh Domhanda, le protegé Le Pen Jordan Bardella mar phríomh-aire.

Dúirt an FPE (MEP) ón eite chlé Raphael Glucksmann: ‘Tá seacht lá againn chun an Fhrainc a shábháil ón tubaiste.’

Tá rabhadh tugtha ag Macron roimhe seo go bhféadfadh bua do RN an Fhrainc a chur ar an mbealach chuig cogadh cathartha (civil war).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram