An mbeidh rialtas ag an bhFrainc do na Cluichí Oilimpeacha?

08/07/2024

Tá an pharlaimint sa bhFrainc roinnte ina trí chuid: ar chlé, sa lár agus ar dheis. Agus ní thaitníonn fiú na measarthaigh (moderates) ar chlé agus ar dheis le Macron atá sa lár agus atá ina uachtarán

Tá parlaimint gan tromlach (hung parliment\) os comhair an rialtas sa bhFrainc, le éiginnteacht dhomhain pholaitiúil, tar éis toradh sna toghcháin inné nár fhág aon cheann de na trí phríomhghrúpa pholaitiúla, ar chlé, ar lár agus ar dheis, le tromlach glan.

Tháinig an Fronta Coitianta Nua (New Popular Front) den eite chlé isteach sa chéad áit, le 178 suíochán, bhí comhrialtas lárnach an Uachtaráin Emmanuel Macron sa dara háit le 150 suíochán, agus ghlac an Railí Náisiúnta, páirtí frith-inimirceach Marine Le Pen, agus a chomhghuaillithe 142 suíochán.

Bhí na réamhthorthaí tar éis tuartha go forleathan faoi bhua soiléir do Railí Náisiúnta na heite deise.

Marine Le Pen sa toghcnán sa bhFrainc
Marine Le Pen sa toghchán sa bhFrainc

Is cosúil gur oibrigh comhaontuithe a rinne na lárnaigh agus an taobh clé chun ‘Republican Front’ a chruthú chun prionsabail dhaonlathacha a chosaint agus chun stop a chur leis an Railí Náisiúnta ó vótaí a fháil sa dara babhta vótála.

Bhí iarrthóirí ar fud na Fraince tar éis éirí as an dara chuid den toghchán agus d’iarr siad aontacht i gcoinne páirtí Le Pen.

Buille mór a bhí sa toghchán do Macron, a chaill níos mó ná an tríú cuid de na suíocháin a bhí ag a pháirtí agus a chomhghuaillithe.

Tá parlaimint atá roinnte go domhain fágtha aige, ní dócha go mbeidh comhrialtas ann láithreach agus tá na Cluichí Oilimpeacha i bPáras ag oscailt i níos lú ná trí seachtaine.

Níl an bealach chun cinn láithreach soiléir, a dúirt saineolaithe, ach d’fhéadfadh polaitíocht sa tír a bheith trína chéile ar feadh míonna, agus an tUachtarán Emmanuel Macron le Parlaimint atá roinnte go domhain, lena n-áirítear dhá bhloc atá ina choinne go daingean.

Níl an cás seo –nach n-éiríonn le páirtí ar bith tromlach glan a bhaint amach, sé sin 289 ar a laghad de na 577 suíochán sa teach íochtair – gan fasach sa Fhrainc.

Emmanuel Macron
Emmanuel Macron

Is é sin go díreach a tharla le linn na dtoghchán reachtacha deireanacha, in 2022.

D’éirigh leis an Uasal Macron fós rialtais fheidhmeacha a chur le chéile ar éirigh leo billí a chur amach le dhá bhliain anuas.

Ach níor tharla sin ach toisc go raibh comhrialtas lárnach an Uasail Macron mór go leor – le thart ar 250 suíochán –  agus bhí na páirtithe a bhí ina choinne ró-lag chun bagairt chomhsheasmhach a chruthú.

Nuair a theip ar sin, bhí an baol ann go dtiocfaidh deireadh le rialtas an Uasail Macron.

Ní féidir lena comhrialtas lárnach rialú as a stuaim féin.

Agus is beag páirtí níos lú — cinn níos measartha ar chlé nó ar dheis — a bhfuil fonn orthu baint a bheith acu leis an Uasal Macron.

Níl mórán meas ar ach fós tá trí bliana fágtha ina théarma.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram