

Beidh pop-up Gaeltacht ar siúl in Inse Chór (Inchicore), Dé hAoine, 17 Bealtaine, le ceoltóirí áitiúla den scoth.
Beidh craic, caint, ceol agus piontaí ar fáil i mbeár CLG an ‘Good Counsel’, sé sin sa chlubteach ar Bhóthar Mhic Dháibhéid (Davitt Road) ó 8pm ar aghaidh.
Tá sé eagraithe ag Craobh Inse Chór, Conradh na Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le CLG Dea-Chomhairle/Gaeil na Life.
Bunaíodh Craobh Inse Chór i 1951 agus tá an chraobh lonnaithe in Áras Inse Chór i sráidbhaile Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Bíonn gníomhaíochtaí leanúnach ann le clár seachtainiúil bríomhar idir grúpa tuismitheoirí ‘s’ leanaí, club iarscoile, ranganna, ióga, rince ar an sean nós agus ciorcal comhrá.

Anuas ar sin tá club leabhar agus grúpa garraíodóireachta (gardening) ag feidhmiú ann agus imeachtaí eile ann ó ham go ham.
Eagraíonn an chraobh ceolchoirmeacha agus oícheanta sóisialta in áiteanna eile sa cheantar go minic freisin agus i gcomhpháirtíocht le grúpaí eile freisin.
Seol ríomhphost chuig insechor@cnag.ie le haghaidh níos mó eolais.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.