Múlú: ‘Trad gig’ le difríocht i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo

14/02/2024

Tá a stíl nua-aimseartha féin forbartha ag Múlú maidir le ceol traidisiúnta a sheinm agus beidh sí sa Cherrytree Dé Sathairn

Tá go leor ceoltóirí ag teacht amach ó Chúige Uladh atá ag cur foinn thraidisiúnta agus teicnící nua-aimseartha le chéile, agus tá Múlú ar ceann acu.

Agus beidh sí le cloisteáil i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.

mulu2

Tá Craobh Inse Chór (Inchicore) de Chumann na Gaeilge agus an ceantar máguaird ag tnúth go mór le Múlú, as Contae an Dúin (Down), a fháiltiú chun a gcéad gig as Gaeilge den bhliain sa Cherrytree, Baile Bhailcín (Walkinstown), BÁC 12 ar an tSathairn seo chugainn, 17ú Mí Feabhra.

Is é Múlú an t-ainm ardáin atá ar Mhiadhchlughain Ní Dhomhnaill, amhránaí as Caisleán Uidhilín (Castlewellan) i gContae an Dúin.

Cuireann sí an traidisiún Gaelach in iúl le brí nua agus d’eisigh sí a EP, Sásta a bheith Anseo, ag tús 2023 le huirlisí traidisiúnta.

Dúirt Simon Ó Donnabháin as Craobh Inse Chór le ExtraG.ie: ‘Is í Múlú an chéad amhránaí ó Chúige Uladh chun casadh linn agus muid ag mealladh amhránaithe agus ceoltóirí ó gach cearn den tír agus muid ag cur blaiste den tallann náisiúnta ar fáil don phobal áitiúil.

Múlú
Múlú

‘Thosaigh muid an tsraith ‘Preab sa Cheol’ anuraidh agus bhí Padraig Jack, Pauline Scanlon agus Inni-K linn.

‘Oícheanta taitneamhacha i spás álainn i gcónaí geallta. Bígí linn. Ticéid ar fáil trí eventbrite.ie.’

Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge (Inchicore Branch of Conradh na Gaeilge).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram