

Tá bean ó Loch Garman a fuarthas marbh faoina carr i ‘thimpiste aisteach’ ainmnithe mar Margaret O’Connor.
Bhí Ms O’Connor, a bhí 54 bliain d’aois, ag glaoch chuig cara agus iar-chomharsa nuair a bhuaileadh í agus bhí sí sáinnithe faoina carr.

Bhí cónaí ar Ms O’Connor i mBéal Átha hÓg ach thángthas ar a corp gafa faoina carr, idir dhá chabhsán (driveways) ag Páirc an Mhuilinn i nDroichead an Chaisleáin.
Ba iar-chónaitheoir í Ms O’Connor ar eastát Pháirc an Mhuilinn agus creideann na Gardaí go raibh sí ag dul ar cuairt sóisialta, ag tabhairt uibheacha chuig cara, nuair a tharla an tragóid.
‘Is aisteach an rud é,’ a dúirt foinse na ngardaí. ‘Tá sé deacair fios a bheith agat conas a tháinig an carr chun rolladh idir an dá chabhsán.’
Tuigtear go raibh na heochracha (keys) ag adhaint (ignition) an chairr agus tuairiscítear go bhfuil gardaí ag ceapadh gur rolladh an carr ar ais agus thar an mbean a bhí gafa faoi sa tragóid.
Tuigtear gur chuir comharsana fios ar na seirbhísí éigeandála go tapa agus d’fhreastail Gardaí ar an láthair.
Séalaíodh an t-eastát tithíochta agus chuir Gardaí puball timpeall an chabhsa (driveway) agus muintir na háite ag féachaint air.
Glaodh otharcharr chuig an láthair ach fuarthas amach go tapa go raibh an bhean marbh.
Dheimhnigh foinse de chuid na nGardaí go bhfuil siad ag déileáil leis an gcás mar ‘thimpiste thragóideach’ agus ‘nach bhfuil amhras faoi aon rud amhrasach faoi láthair’.
Bhí foireann fhóiréinseach (forensic) an Gharda i mbun scrúdú iomlán ar an láthair tráthnóna Dé Máirt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.