

Tá úsáideoirí cannabais ag ceiliúradh sa Ghearmáin, tar éis dlíthe nua a thabhairt isteach a cheadaíonn seilbh phearsanta ar an druga.
Ón 1 Aibreán, tá cead ag daoine fásta suas le 25g de channabas triomaithe a iompar orthu agus suas le trí phlanda marijuana a chothú sa bhaile.

Ag meán oíche, bhailigh daoine ag Geata Brandenburg i mBeirlín le haghaidh ‘smoke-in’ chun fáilte a chur roimh na rialacha nua, a tugadh isteach tar éis díospóireachta faoin taobh dearfach agus diúltach a bhaineann le rochtain níos éasca ar an druga a cheadú.
Deir an rialtas go mbeidh tionchar ag díchoiriúnú (decriminalisation) ar an margadh folaithe (hidden market) agus go laghdóidh sé leathadh cannabais éillithe (contaminated), rud a chosnóidh daoine óga.
‘Bhí úsáid channabais ann cheana inné; bhí sé ag méadú,’ a dúirt aire sláinte na Gearmáine, Karl Lauterbach.
‘Anois tá sé ag teacht amach as an limistéar toirmiscthe (taboo zone). Tá sé seo níos fearr le haghaidh cúnaimh andúile (addiction), cosc do leanaí agus daoine óga agus chun an margadh dubh a chomhrac, a mbeidh rogha eile ann faoi go luath,’ a dúirt sé.
Dúirt Marco Buschmann, an t-aire ceartais (justice minister), go n-éascódh an t-athrú an t-ualach ar na breithiúna agus ar na póilíní.
Ach tá cáineadh déanta faoin tionchar féideartha (possible impact) ar dhaoine óga.
‘Ón dearcadh atá againne, is tubaiste é an dlí mar atá sé scríofa,’ a dúirt Katja Seidel, teiripeoir ag ionad andúile drugaí i mBeirlín, an Tannenhof Berlin-Brandenburg.
‘Beidh rochtain ar an táirge níos éasca, athrófar a íomhá agus éireoidh sí níos normalaithe, go háirithe i measc daoine óga,’ a dúirt Seidel.
Tá sí ag súil le méadú ar úsáid cannabais ‘ar a laghad ar dtús’.
Leanfaidh tomhaltas cannabas ag aon duine faoi bhun 18 mbliana d’aois de bheith mídhleathach.
Tá roinnt cosaintí sa reachtaíocht nua freisin chun daoine óga a chosaint, lena n-áirítear cosc ar chaitheamh tobac cannabas laistigh de 100 méadar ó scoil, clós súgartha nó ionad spóirt.
Tá feachtas mór geallta ag Lauterbach chun oideachas a chur ar dhaoine óga faoi na rioscaí sláinte agus chun tacú le cláir choiscthe.

‘Ní oibreoidh sé sin,’ a dúirt Boris Knoblich, urlabhraí don eagraíocht Tannenhof Berlin-Brandenburg.
‘Is é an rud a oibríonn ná duine a théann isteach, a labhraíonn leo thar chaife, gan múinteoir a bheith ann,’ a dúirt sé.
Tá imní léirithe freisin ag póilíní.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.