Daoine san ospidéal tar éis ‘jellies’ a ithe le cannabas bréige

Tá rabhadh eisithe ag an HSE tar éis do roinnt daoine dul chuig an ospidéal tar éis dóibh glóthacha (jellies) a ithe le cannabas sintéiseach.

Is substaintí de dhéantús an duine (man-made) iad ‘cannabinoids sintéiseach’ (Synthetic cannabinoids) a dhéanann aithris ar an tionchar a bhíonn ag cannabas ach atá an-chontúirteach.

Dúirt Gardaí gur ghabh siad cuid mhór de na glóthacha le linn cuardaigh i gCluain Meala, Co. Thiobraid Árann, le déanaí.

Dúirt an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) go raibh roinnt daoine san ospidéal an mhí seo caite i dTiobraid Árann tar éis glóthacha a ithe ina raibh ‘substaintí nua agus contúirteacha ar a dtugtar “Synthetic cannabinoids”’.

Déanann siad aithris ar éifeachtaí Tetrahydrocannabinol (THC), an príomh-chomhdhúil shícighníomhach (psychoactive ) i gcannabas.

Cannabis sweets 768x448 1

I ráiteas, dúirt gardaí, mar chuid d’imscrúduithe leanúnacha ar dhíol agus ar sholáthar drugaí i dTiobraid Árann, go ndearna gardaí i gCluain Meala cuardach ar áit chónaithe an 31 Nollaig seo caite.

Le linn an chuardaigh fuair siad go leor earraí inite, airgead agus ola vape a raibh amhras fúthu go raibh cannabas iontu.

‘Tá na táirgí a fuarthas curtha faoi bhráid Forensic Science Ireland le haghaidh tuilleadh anailíse.’

Tá gardaí ag déánamh achainí  ar aon duine a bhfuil eolas acu,  teagmháil a dhéanamh le gardaí i gCluain Meala ag 052 617 7640, an Líne Rúnda na nGardaí ag 1800 666 111, nó aon stáisiún gardaí eile.

Tá imní léirithe ag an HSE freisin faoi channabinoids shintéiseacha atá ar fáil anois i dtáirgí ‘herbal’ (ábhar planda), leacht/ola vape, agus táirgí THC eile atá á ndíol in Éirinn.

Rinne Forensic Science Ireland anailís ar roinnt táirgí a fuarthas le déanaí agus fuarthas amach nach raibh iontu ach cannabinoids sintéiseacha nua a raibh riosca mór ag baint leo, agus ní raibh aon THC ann, mar a léiríodh ar an bpacáistíocht.

Tá an HSE ag iarraidh ar dhaoine a bheith ar an eolas faoi na ‘symptons’  a bhaineann le cannabinoid sintéiseach a ghlacadh.

Ina measc seo tá mearbhall, sweating neamhghnácha, fadhbanna riospráide, pian cliabhraigh/buille croí gasta agus cailliúint tobann mothúchán.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram