Garda bhaineann, 33, cúisithe as drugaí a ghoid ó stáisiún na nGardaí

22/06/2023

Tháinig garda os comhair cúirte agus í cúisithe as cannabas a ghoid óna stáisiún agus é a bheith aici le díol nó le  soláthar.

Tháinig an Garda Holly Lane, 33, ó stáisiún Shráid an Stórais (Store Street), os comhair an Bhreithimh Treasa Kelly ag Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath.

Cúisíodh í i gceithre chion a líomhnaítear a tharla an 12 Nollaig 2021.

Garda cúisithe
Garda cúisithe

Tá sí cúisithe i ndamáiste coiriúil (criminal damage) a dhéanamh do thaisceadán (locker), i ngoid taispeántán cannabais (cannabis exhibit) ó gharda eile, i seilbh neamhdhleathach ar an cannabas agus é a bheith aici chun a dhíol nó a sholáthar, ag stáisiún Shráid an Stórais.

Dúirt an Bleachtaire Cigire (Detective Inspector) Mark Jordan, ó Stáisiún na nGardaí Bridewell, gur gabhadh Ms Lane trí choinne (by appointment) ag 2.25pm an 2 Meitheamh ag Stáisiún Gardaí na Cúlóige (Coolock).

Cúisíodh í i gceithre chion ‘agus níor thug sí freagra ar bith tar éis rabhadh’.

Tugadh cóipeanna de na cúisimh di agus scaoileadh saor í ar bhannaí stáisiúin (station bail).

Dúirt an Bleachtaire Cigire Jordan leis an Breitheamh Kelly: ‘D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (Director of Public Prosecutions, DPP) “summary disposal” ar gach ábhar.’

Ciallaíonn sé sin gur chóir an cás a éisteacht ag leibhéal na Cúirte Dúiche seachas sa Chúirt Chuarda, ar féidir léi pianbhreith níos mó  a ordú.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Andrew Tate cúisithe as ‘rape’ agus ‘human trafficking’ chun mná a mí-úsaid

D’aontaigh an Bleachtaire Cigire Jordan go ndéanfaí Ms Lane a athchur ar bhannaí leanúnacha (continuing bail) go dtí Meán Fómhair nuair a bheidh an cás le liostú lena lua.

Níor éist an chúirt go fóill le breac-chuntas (outline) ar chás an ionchúisimh (prosecution).

Níor luadh luach na ndrugaí le linn na héisteachta.

D’aontaigh an Breitheamh Kelly d’iarratas ar chosaint a ordú go nochtfaí fianaise an ionchúisimh, lena n-áirítear píosaí scannáin CCTV má bhí fáil orthu.

CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá 24,000 bainisteoir sa HSE. Anois tá deireadh curtha ag an gceannaire lena bhfostú

Dúirt an Breitheamh Kelly go ndéanfadh sí breithniú ar cinneadh chun  ionad trialach a dheimhniú ar an gcéad dáta eile.

Ní mór do Gharda Lane teacht ar ais ar 13 Meán Fómhair chun pléadáil a dhéanamh nó chun dáta éisteachta a shocrú.

Níor labhair sí ach le ‘buíochas a ghabháil leat’ a rá tar éis don Bhreitheamh Kelly an t-athló (adjournment) a dheonú.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram