

Ní bheidh Heather Humphreys, Paschal Donohoe ná Helen McEntee le seasamh le bheith ina ceannaire ar Fhine Gael . Is dócha go rachaidh an post chuig Simon Harris.

Thug níos mó ná 25 TD agus Seanadóir a dtacaíocht dó ag am lóin Déardaoin.
Ina measc tá: An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, na Teachtaí Dála Neale Richmond, Brendan Griffin, Emer Higgins, Patrick O’Donovan agus Frank Feighan, na Seanadóirí Barry Ward, Michael Carrigy agus Tim Lombard, agus na Feisirí Eorpacha Seán Kelly, Frances Fitzgerald agus Maria Walsh.
Díreofar anois ar 6 Aibreán nuair a fhógrófar ceannaire nua ag Ardfheis an pháirtí i nGaillimh.
Bhí sé ráite ag leascheannaire Fhine Gael Simon Coveney cheana féin nach lorgóidh sé ceannaireacht an pháirtí tar éis éirí as Leo Varadkar.
Dúirt an tUasal Coveney go ndearna sé ‘cinneadh tamall ó shin nach seasfadh sé i gcomórtas ceannaireachta eile’.
Ag labhairt dó ar Six One ar RTÉ, Dé Céadaoin, dúirt an tAire Fiontar (Enterprise Minister): ‘Bhí mo sheans agam agus níor éirigh liom an uair dheireanach, sílim go bhfuil neart tallainne sa pháirtí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.