

Tá rabhadh á thabhairt ag réamhaisnéiseoirí (forecasters) na haimsire go bhfuil roinnt flichshneachta (sleet) agus sneachta ar an mbealach an tseachtain seo agus an teocht ag titim faoi bhun an reophointe thar oíche.
Mar sin féin, is é an fuacht go príomha a chaithfimid a bheith buartha faoi, le roinnt báisteach.

Tar éis tús tirim thit an teocht oíche Luain go -1C i gcodanna áirithe den tír.
Agus táthar ag súil go scaipfidh banna báistí ar fud na tíre Dé Máirt roimh bhriseadh suas i gceathanna scaipthe san iarnóin, agus beidh teocht an lae idir 7C agus 11C.
Dúirt Alan O’Reilly ó Carlow Weather: ‘Tá súil le tréimhsí báistí agus muid ag dul tríd an tseachtain leis an méid is airde san iarthar.
‘B’fhéidir go dtitfidh sé mar fhlichshneachta agus sneachta ar thalamh ard níos déanaí sa tseachtain.
‘Agus níl aon chomhartha go mbeidh tréimhsí fada tirim ann, atá géarghá againn leis chun an talamh a thriomú.’
Dúirt Met Éireann go gcuirfear tús le ‘tréimhsí geala in áiteanna san oirthear agus sa tuaisceart Dé Céadaoin’.
Dúirt siad áfach go mbeadh báisteach agus ceobhrán san iarthar agus san iardheisceart agus rachaidh sé trasna na tíre ar maidin agus um thráthnóna.
Tríd is tríd beidh sé scamallach le ceo ar thalamh ard agus ar an gcósta.
Beidh sé tais (humid) freisin leis an teocht ard idir 9C agus 11C agus beidh gaotha measartha (moderate) ó dheas go siar ó dheas.
Mar sin féin, tá súil le haimsir stoirmiúil oíche Céadaoin. Beidh an oíche ‘fliuch le tuilte in áiteanna agus gaotha measartha ó, a bheidh níos láidre in aice leis an gcósta.’
Lá níos fuaire a bheidh ann Déardaoin le clocha sneachta agus sneachta i gceantair áirithe.
Mar sin féin, deir Met Éireann: ‘Tiocfaidh deireadh le scamall agus báisteach thar oíche agus beidh tréimhsí gréine agus ceathanna gaofar (blustery), cuid acu le clocha sneachta.
‘Beidh roinnt flichshneachta ar talamh ard freisin. Beidh teochtaí arda idir 5C agus 8C le gaoth fhuar,’ a dúirt Met Éireann.

Tá súil le sneachta ar talamh ard ar an Aoine, a bheidh ‘fuar le ceathanna forleathan mar gheall ar ghaoth an iarthuaiscirt, is dócha go mbeidh roinnt clocha sneachta agus sneachta’ ann.
Fanfaidh sé ‘fuar thar an deireadh seachtaine cé nach mbeidh sé chomh gaofar. Beidh roinnt solas na gréine le sioc san oíche.
Beidh níos mó ceathanna in áiteanna freisin ach ní bheidh siad chomh forleathan. Beidh teocht an lae idir 6C agus 8C.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.