

Tá iarracht ar siúl chun stop a chur le daoine atá ag díol ‘dodgy boxes’, de réir an Irish Independent. Deir an Federation Against Copyright Theft (FACT) go bhfuil siad ag tabhairt daoine chun na cúirte as iad a dhíol.
Tá an feachtas (campaign) is déanaí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, sa Mhí (Meath), i gCill Chainnigh (Kilkenny) , sa Chlár, i Luimneach, sa Lú (Louth), i nGaillimh agus i Muineachán (Monaghan) a deir siad.
Deir FACT go bhfuil ‘socruithe suntasacha airgeadais’ déanta acu le roinnt daoine agus d’eisigh siad 22 rabhadh dlí (legal warnings).

Is é seo an tríú feachtas i gcoinne na ‘dodgy boxes’.
Is feistí (devices) iad atá in ann cainéil teilifíse agus seirbhísí sruthú (streaming services) a sholáthar gan na húinéirí a íoc.
Le ‘dodgy boxes’ faigheann úsáideoirí rochtain ar an spórt den scoth, ar scannáin agus ar ábhar teilifíse eile ar bheagán den phraghas is cóir a íoc.
Ceann de na gléasanna is coitianta a úsáidtear sa phróiseas ná ‘dongle’ de chuid Amazon, an ‘Fire Stick’. Níl baint ar bith ag Amazon le húsáid mhídhleathach an ‘Fire Stick’, a úsáidtear go dlisteanach chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar nós Netflix.
An bhliain seo caite, gearradh pianbhreith 240 uair an chloig de sheirbhís phobail (community service) ar fhear i mBaile Átha Cliath as boscaí Android a dhíol le 150 custaiméir, ag gearradh €12 in aghaidh na míosa orthu as cóid a úsáid chun féachaint ar ábhar teilifíse, spóirt agus scannáin.

I gcúirt i mBéal Feirste i mí Mheán Fómhair seo caite, gearradh pianbhreith ocht mí sa phríosún ar Padraig McVicker agus tugadh 175 uair de sheirbhís pobail do Gary Doherty as gléasanna a dhíol a úsáidtear chun cainéil teilifíse mídhleathacha a sholáthar agus seirbhísí sruthaithe a sholáthar.
Agus i mí Dheireadh Fómhair, d’ordaigh cúirt ar thithe tábhairne, an Railway Bar i Leic Snámha (Lixnaw), Co. Chiarraí, damáistí €20,000 a íoc le Sky as ‘a dodgy box’ a úsáid chun cluichí sa Phríomhshraith (Premier League) a thaispeáint.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.