

Tá sé fógartha ag Zú Bhaile Átha Cliath gur rugadh naíonán siamang gibbon ann le déanaí.
Rugadh an moncaí beagnach dhá mhí ó shin – ach ní as a haghaidh amháin a mholfar é.
Tá sé mar chuid de chlár zúnna chun cabhrú le speicis atá faoi bhagairt (threat) agus a chinntiú go mairfidh (survive) siad.

Léiríonn ár bpictiúir go bhfuil faoiseamh (relief) ar an máthair agus ar an athair atá sásta a leanbh nuabheirthe a fheiceáil shláintiúil agus beo.
Mar sin féin ní thuigeann an mháthair Cahaya, atá 14 bliana d’aois, agus ag an athair Luca, atá 22 bliain d’aois, cé chomh tábhachtach agus atá a leanbh.
Tá siad mar chuid de thionscadal géiniteach (genetic) tábhachtach chun ainmhithe a shábháil – an European Endangered Species Programme.
Agus déanfaidh Zú Bhaile Átha Cliath breith an linbh siamang gibbon a cheiliúradh le ‘Monkey Madness’ thar dheireadh seachtaine saoire bainc Naomh Bríd.

Tá ‘conair moncaí (monkey trail) curtha ar bun ag an zú – Monkey Madness – ionas gur féidir le cuairteoirí óga saol an moncaí a fhiosrú (explore) agus múineann coimeádaí speisialta níos mó dóibh faoin speiceas.
Rugadh an siamang gibbon thar oíche beagnach dhá mhí ó shin, ar 2 Nollaig, agus tá sé cothaithe (nurtured) go cúramach ó shin i leith ach níl an fhios acu fós an buachaill nó cailín é.
Beidh sé cúpla seachtain eile sula mbeidh siad in ann é seo a chinneadh ach ní chuireann sé sin isteach ar an siamang beag atá go sona sásta ag cloí lena mháthair, Cahaya.
Shroich Cahaya Zú Bhaile Átha Cliath in 2014 agus lean an t-athair Luca í in 2018.

Bhí nasc láidir eatarthu sular tháinig siad ina dtuismitheoirí dá leanbh nach bhfuil a fhios acu cé chomh suntasach agus a bhí an bhreith seo.
Tagann leanaí Siamang gibbon ar an saol gan ghruaig ach amháin paiste beag de ghruaig dhubh ar bharr a gcinn.
Mar sin tá siad leochaileach (vulnerable) don fhuacht, mar sin fanfaidh Cahaya agus an leanbh laistigh Ar feadh tamall.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.