An fear faoi cheilt é an béar san fhíseán seo?

Tá daoine ar na meáin shóisialta ag caint faoi chosa caol agus ‘folds in the fur’ ar an béar san fhíseán

Tá sé séanta ag zú go bhféadfadh béar sa zú a bheith fear gléasta i bhfeisteas béar.

Rinne an zú an ráiteas tar éis físeán de bhéar ina sheasamh ar a chosa deiridh, a bhí ag scaipeadh ar líne.

I ráiteas dúirt an zú in oirthear na Síne: ‘Nuair atá muid ag caint faoi béar, is é an chéad rud a thagann chun cuimhne ná figiúr ollmhór agus cumhacht iontach.

‘Ach ní “behemoths” agus contúirt pearsanaithe iad gach béir. Is beir Malayan iad seo, an béar is lú ar domhan.’

Bhí an zú i Hangzhou ag tagairt d’Aingeal, béar gréine (sun bear) ó Mhalaeisia.

Tá físeán de bhéar gréine ina sheasamh ar a chosa deiridh ar na meáin shóisialta, agus daoine ag rá gur chuir a chosa caol, agus fillteacha fionnaidh (folds in fur) ar a chúl, cuma air go raibh duine ag gníomhú mar chuid den bhéar.

Ach dúirt urlabhraí don zú go raibh an t-ainmhí fíor agus nach dtarlódh a leithéid de caimiléireacht  (deception) ag saoráid arna bhainistiú ag an stát, sa tSín.

Béar gréine (Sun bear)
Béar gréine (Sun bear)

Thug sé faoi deara freisin, i dteocht an tsamhraidh 40C, nach mairfeadh duine i gculaith béir fionnaidh (fur) ‘níos mó ná cúpla nóiméad sula dtitfeadh sé’.

Dúirt fostaí sa zú go raibh cuairteanna á n-eagrú do thuairisceoirí chun na béir a fheiceáil.

Is ionann béir gréine agus madraí móra, a sheasann ar a mhéad 1.3 méadar (50in) ar airde ar a gcosa deiridh, i gcomparáid le suas le 2.8 méadar do “grizzlies” agus béir eile, de réir an zú.

béar

Cuireadh i leith zúnna Síneacha eile go ndearna siad iarracht madraí a bhfuil daite orthu a bheith mar mac tíre (wolves) nó cait na hAfraice, agus asail péinteáilte a bheith mar séabraí (zebras).


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram