Oíche mhaith sa Zú le aye-aye Madagascar

Tá an lánúin is déanaí a tháinig go dtí an Zú cosúil le carachtair sa scannán Madagascar

Beidh oíche mhaith do chuairteoirí go Zú Bhaile Átha Cliath, i dteach atá deartha go speisialta do chréatúir oíche, mar an aye-aye.

aye aye 1feat0
An aye-aye i Zú Bhaile Átha Cliath

Beidh an teach nua ina bhaile don chréatúr iontach seo.

Is speiceas lemur é an aye-aye, agus tagann sé ó oileán Madagascar.

Beidh cur amach ag formhór na dteaghlach anseo ar ‘Maurice the Aye-Aye’ ón scannán Madagascar, ach ní cosúil le Maurice an fíor-ainmhí.

Anois tá lánúin aye-aye ag an zú. Is é Peanut an aye-aye fireann agus is í Tahiri an aye-aye baineann.

Tháinig siad ó Zú Bristol Meán Fómhair seo caite, chomh maith lena leanaí.

Tá an Teach Oíche nua tógtha go sonrach chun freastal ar riachtanais agus éiceolaíocht uathúil an speicis oíche seo.

Déanann an teach aithris ar dhálaí oíche a ligeann do chuairteoirí iad a fheiceáil gníomhach sa dúlra.

Rachaidh cuairteoirí chuig an teach isteach sa dorchadas iomlán agus beidh siad treoraithe ag soilse bídeacha ar an talamh chun dul i ngleic go sábháilte agus breathnú ar na hainmhithe.

Aye-aye sa zú
Aye-aye sa zú

San oíche, déanfaidh soilse speisialaithe agus lampaí UV solas an lae a mhacasamhlú, rud a spreagfaidh na aye-ayes dul a chodladh.

Mhaoinigh an Rialtas, i bpáirt trí Oifig na nOibreacha Poiblí, an infheistíocht de níos mó ná €400,000 chun an foirgneamh seo a chuir ar fáil.

Maurice. aye aye
Maurice an aye-aye i Madagascar

Dúirt an Dr Christoph Schwitzer, stiúrthóir Zú Bhaile Átha Cliath: ‘Is ócáid iontach dúinn ar fad anseo ag Zú Bhaile Átha Cliath seoladh an Teach Oíche nua, a bheidh mar áit chónaithe do na aye-ayes’.

Speiceas de lemur, is é an aye-aye an ‘primate’ oíche is mó agus tá baint aige le mhoncaí, aipeanna agus daoine.

Measann roinnt daoine i Madagascar an aye-aye a bheith ina comhartha ar an droch-ádh, agus is minic a maraíodh an t-ainmhí. Mar sin féin, tá sé mídhleathach anois iad a mharú.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram