

Leanfaidh Liverpool lena n-iarracht corn a bhuachan an séasúr seo nuair a imreoidh siad in aghaidh Fulham i gcluiche leathcheannais dhá pháirt i gCorn Carabao.
Táthar ag súil go mbuafaidh Liverpool, a bhuaigh an corn dhá shéasúr ó shin, in aghaidh Fullham ach beidh imní orthu faoin mbagairt a chuir Fulham orthu cheana féin. Chuir siad faitíos ar Liverpool nuair a d’imir siad leo níos luaithe an séasúr seo.
Seo gach rud atá uait faoin gcéad chluiche de dhá cheann idir an dá thaobh:

Cá bhfuil cluiche na hoíche anocht idir Liverpool agus Fulham á imirt?
Tá Liverpool sa bhaile don chéad chluiche den chomórtas leathcheannais agus beidh fonn orthu a thaispeáint cé chomh láidir agus atá siad os comhair slua glórtha Anfield.
Cathain a bheidh Liverpool vs Fulham ar siúl?
Imreoidh Liverpool in aghaidh fhoireann an bhainisteora Marco Silva anocht, Dé Céadaoin, 10 Eanáir.

Cén t-am a thosóidh sé?
Imreofar an cluiche faoi na soilse ag Anfield agus cuirfear tús leis ag 8pm.
Cén cainéal teilifíse a bhfuil Liverpool vs Fulham air?
Ní thaispeánfar an cluiche beo saor in aisce mar gur cheannaigh Sky Sports na cearta de.
Tá Trent gortaithe – ach tugann sé sin seans
d’imreoir na hÉireann le Liverpool Cliceáil ANSEO
Taispeánfaidh Sky Sports Main Event agus Sky Sports Football an cluiche le comhráite réamh-chluiche ag tosú ag 7pm.
Beidh síntiúsóirí (subscribers) in ann an cluiche a shruthú (stream) trí NOW agus an aip Sky Go.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.