

Tá níos mó ná 500 post i mbaol ag monarcha atá faoi úinéireacht Nestlé i Luimneach.
Déantar bainne foirmle do naíonáin (infant formula) ag Wyeth Nutrition in Eas Géitine (Askeaton).
Tá togra fógartha ag Nestlé an monarcha a dhúnadh faoin gcéad chuid de 2026.

Dúnfar ionad taighde agus forbartha comhlonnaithe freisin faoin gcéad ráithe de 2025 faoi na moltaí.
‘Rachaidh muid i gcomhairle anois leis na fostaithe go léir agus lena gceardchumainn ionadaíochta (representative unions),’ a dúirt an comhlacht i ráiteas.
‘Ar an drochuair, ciallaíonn an fógra go gcuirfear thart ar 542 comhghleacaí i mbaol iomarcaíochta (redundancy).’
Ba le Pfizer Nutrition an planda roimhe seo agus cheannaigh Nestlé é in 2012.
Feidhmíonn sé faoi láthair mar Wyeth Nutritionals Ireland Ltd.
Tá an chuideachta ag cur an mhilleáin ar an laghdú san éileamh ar a chuid táirgí sa tSín, áit a bhfuil titim ghéar ar an ráta breithe (birth rate) agus ardú ar tháirgí a tháirgtear go háitiúil (locally produced).
‘Chun dul in oiriúint do na hathruithe sin táimid ag moladh an táirgeadh a aistriú ó Eas Géitine (Askeaton) go dhá mhonarcha atá ann cheana féin –Suzhou, Mórthír na Síne agus Konolfingen, an Eilvéis,’ a dúirt an chuideachta.
‘Tá ionad barr feabhais domhanda R&D le haghaidh táirgí naíonán agus máithreachais ag Konolfingen freisin ag Wyeth agus Nestlé Nutrition.

‘Tá sé beartaithe go ndéanfaí obair R&D ag Eas Géitine a shú isteach i Konolfingen, áit a n-oibríonn 365 comhghleacaí ar thaighde agus ar fhorbairt táirgí thar go leor disciplíní, agus go neartófaí ionad satailíte R&D i Shanghai.’
Dúirt an chuideachta freisin gur breathnaíodh go cúramach ar na moltaí agus nach bhfuil aon léiriú ar an obair iontach a rinne a fostaithe in Eas Géitine le blianta fada anuas.
Dúirt Nestlé go ndearna sé iarracht ceannaitheoir a aimsiú don phlanda, ach níor éirigh lena chuid iarrachtaí.
Dúirt sé, áfach, go bhfanfaidh sé oscailte do chur chuige ó ‘cheannaitheoir inchreidte’ le linn na tréimhse comhairliúcháin leis an bhfoireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.