TG4 chun Gradaim RTS Éireann 2027 a óstáil i nGaillimh

Tá ríméad ar TG4 Gradaim RTS 2027 na hÉireann a thabhairt go Gaillimh, agus an ócáid mór le rá le bheith ar siúl Dé Céadaoin an 28 Aibreán 2027, in Óstán Galmont i gCathair na Gaillimhe. 

Agus na gradaim bhliantúla á gceiliúradh don seachtú bliain as a chéile, tá an ócáid ar bhuaicphointí na bliana d’earnáil teilifíse na hÉireann agus craoltóirí, léiritheoirí neamhspleácha, cruthaitheoirí gairmiúla agus daoine atá ag teacht chun cinn san earnáil ag teacht le chéile chun aitheantas a thabhairt do scoth an ábhair teilifíse in Éirinn agus chun ceiliúradh a dhéanamh air. 

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Agus TG4 ina chraoltóir óstach do 2027, tá siad ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh lucht earnáil na teilifíse i nGaillimh, cathair a bhfuil cáil uirthi as ucht na cruthaitheachta, an chultúir agus an phobail bhríomhair ealaíon atá inti. Agus dlúthbhaint ag an gcathair leis an nGaeilge agus le hearnáil chruthaitheach na hÉireann, tá Gaillimh an-fheiliúnach mar láthair don ócáid ina ndéanfar ceiliúradh ar an tallann, ar an nuálaíocht agus ar an scéalaíocht a théann i bhfeidhm ar theilifís na hÉireann. 

097RTS awards 2023
Louise Cantillon, Niamh Ní Chróinín agus Síomha Ní Ruairc ag TG4 Gradaim RTS 2023 na hÉireann. Grianghriaf: Andrew Downes

Chomh maith leis sin, is deis do TG4 atá san ócáid chun a thiomantas do na meáin Ghaeilge, d’ábhar teilifíse úrnua agus don earnáil neamhspleách léiriúcháin a léiriú, agus aitheantas a thabhairt ag an am céanna don mhéid a dhéanann lucht déanta clár agus gairmithe cruthaitheacha ar fud earnáil na craoltóireachta trí chéile. 

Déantar Gradaim RTS na hÉireann a chur ar bun i gcomhar le TG4, RTÉ, Virgin Media Television agus Sky Ireland, chun ceiliúradh a dhéanamh ar réimse leathan catagóirí, lena n-áirítear drámaíocht, cláir fhíorasacha, siamsaíocht, spórt, nuacht, cláir do leanaí, ábhar Gaeilge, taibhiú, ceird an léirithe, agus tallann atá ag teacht chun cinn. 

Le tacaíocht ó Fhís Éireann agus ó Choimisiún na Meán, déanfar ceiliúradh ag searmanas 2027 ar an tallann agus ar na léirithe a thugann sainléargas ar theilifís na hÉireann, agus lucht na hearnála á tabhairt le chéile i gcroílár Chathair na Gaillimhe le haghaidh ócáid iontach ina ndéanfar an chruthaitheacht, an comhoibriú agus scoth na hoibre a cheiliúradh. 

Beidh ticéid do Bhronnadh na nGradam ar díol i mí an Mhárta 2027 agus beidh eolas le fáil roimhe sin ar chuntais RTS ar na meáin shóisialta, agus ar shuíomh gréasáin RTS

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram