

Le Kate Ní Dhomhnaill
Tá mé cinnte gur chuala sibh trácht ar Chaoineadh Airt Uí Laoghaire, agus tá mé cinnte freisin go bhfuil taithí agaibh féin ar an gcomaitéireacht.
Seo chugaibh, mar sin, Caoineadh an Chomaitéara.
Is í Gaillimh an 34ú cathair is measa san Eoraip ó thaobh tráchta de. Sin é Trácht na Gaillimhe.

Tá mé féin i mo chónaí i gConamara, Contae na Gaillimhe. De réir Google Maps, tógann sé uair an chloig taisteal ó Chonamara go dtí an ollscoil. Braitheann sé sin, ar ndóigh, ar cén taobh de Chonamara as a bhfuil tú ag teacht, ach ar mhaithe leis an scéal seo, glacfaimid leis an meastachán sin.
Samhlaígí mar sin: uair an chloig sa charr, sáinnithe i dtrácht atá níos measa ná trácht fhormhór na gcathracha eile, agus ansin, faoi dheireadh thiar thall, tar éis an aistir ar fad, sroicheann tú an ollscoil, buíochas le Mac Dé!
Tá a fhios agam go raibh a chuid fadhbanna féin ag Art agus é ag streachailt leis na péindlíthe agus gach uile shórt, ach ar a laghad níor ghá dó spás páirceála a aimsiú in aon ollscoil in Éirinn.

Tá easpa páirceála ar champais ollscoile ar fud na tíre. Bíonn cath fíochmhar ar siúl gach maidin chun spás páirceála a fháil. Geallaim daoibh nach bhfuil cairdeas ar bith sách láidir leis an gcath sin a sheasamh.
Chaith mé féin cuid mhór de mo shaol ollscoile páirteach sa chath seo. Thaistil mé ó Chonamara go hOllscoil na Gaillimhe gach maidin, go minic i bhfad níos luaithe ná mar ba ghá, agus súil agam spás páirceála a aimsiú.
Seans go bhfuil sibh ag fiafraí díbh féin: cén fáth nár thóg tú an bus?
Más é an 424 cáiliúil atá i gceist, bheifeá ag brath ar bhus nach dtagann in am, agus ag guí nach mbeadh ort fanacht leis an gcéad cheann eile tar éis duit an comhartha ‘Ár leithscéal, bus lán’ a fheiceáil. Sin, ar ndóigh, má éiríonn leat an comhartha a léamh tríd an mbáisteach thiar atá ag stealladh isteach i do shúile, agus na deora atá ag sileadh leo!
Cuimhním ar mhaidin amháin agus mé i mo shuí i mo charr, ag caoineadh, réidh le mo chéim a chaitheamh san aer mar nach raibh aon spás páirceála fágtha ar an gcampas.
B’fhéidir go gceapann sibh go bhfuil sé sin thar a bheith drámatúil. B’fhéidir go ndéarfainn an rud céanna mura mbeinn díreach tar éis mé féin a tharraingt amach as an leaba le póit uafásach chun freastal ar léacht, agus ansin teipthe orm ag an dúshlán deireanach: spás páirceála a aimsiú. Ní fhéadfá an lá a chumadh!
Mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta, tá go leor mac léinn ar fud na tíre ag roghnú fanacht sa bhaile agus iad ag freastal ar an ollscoil. Le bheith fírinneach, ní bhraitheann go leor againn – mé féin san áireamh – go bhfuil an dara rogha againn.
Agus cén chaoi a dtacaíonn na hollscoileanna linn? Gearrann siad táille orainn as páirceáil! Shílfeá, dá bhrí sin, go mbeimis in ann páirceáil áit ar bith ar an gcampas.
Bhuel, shílfeá sin, ach níl!
Ní cheadaítear dúinn páirceáil ach in áiteanna áirithe agus, má dhéanann tú botún agus má fhágann tú do charr san áit mhícheart, beidh bróg mhór bhuí ar do charrín faoin tráthnóna.
Tá sé de nós ag Ollscoil na Gaillimhe spásanna a bhí curtha ar leataobh do mhic léinn a athrú ina spásanna íoc agus taispeáin. Bhí orm féin, toisc nach raibh aon spás eile ar fáil, íoc as páirceáil i gcarrchlós a raibh táille á híoc agam cheana féin as a úsáid.
Ní féidir é sin a chumadh!
Ach ní hé an páirceáil an t-aon fhadhb a bhaineann le bheith i do chomaitéir. Leanann Caoineadh an Chomaitéara ar aghaidh!
Cuireann an chomaitéireacht isteach go mór ar an saol sóisialta freisin. Ní bhíonn deis ag an gcomaitéir pionta a ól i dteach tábhairne na hollscoile tar éis scrúdú a dhéanamh nó marc maith a fháil ar aiste. Caithfear an carr a chur roimh an gcraic!
Teastaíonn pleanáil dhian roimh aon oíche amuigh. Caithfear gach rud a bheidh uait a thabhairt leat ar maidin agus, má tá tú ag iarraidh fanacht thar oíche i dteach cara, caithfear an plean sin a chur le chéile i bhfad roimh ré. Ní féidir leat cinneadh spontáineach a dhéanamh dul amach mar a dhéanann mic léinn atá ina gcónaí gar don ollscoil.
Gan trácht ar an tionchar a bhíonn ag an gcomaitéireacht ar chúrsaí grá! Tá sé deacair cuireadh a thabhairt do dhuine teacht abhaile leat nuair a chosnaíonn tacsaí €50 agus do thuismitheoirí fós sa bhaile. Ní hé sin go díreach an deireadh rómánsúil a shamhlaíonn duine!
É sin ráite, tá cúpla buntáiste ag baint leis an saol seo freisin. Tá Mam fós ag níochán m’éadaí, bíonn an cuisneoir lán i gcónaí agus ní chaithim gach pingin atá agam ar chíos.
Ag deireadh an lae, áfach, níor cheart go mbeimis fós ag brath chomh mór sin ar ár dtuismitheoirí agus muid ag freastal ar an ollscoil. Táimid ag iarraidh seasamh ar ár dhá chois féin.
Níl dóthain lóistín inacmhainne agus feiliúnach ar fáil do mhic léinn, agus tá mic léinn ar fud na tíre ag streachailt gach lá mar gheall ar na haistir fhada a bhíonn le déanamh acu chun na hollscoile.
Ba cheart do na hollscoileanna iarracht a dhéanamh lámh chúnta a thabhairt dúinn seachas brabús a dhéanamh asainn. Ní ceart go mbeadh sé chomh deacair sin freastal ar an ollscoil agus muid ag iarraidh ár ndícheall a dhéanamh chun ár gcuid oideachais a bhaint amach.
Níl mórán á iarraidh againn.
Níl uainn ach áit le páirceáil.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.