

An tseachtain seo, ar ‘Sin í an Chraic’, tá scéal spéisiúil againn faoi Phríomhfheidhmeannach ceann de na comhlachtaí teicneolaíochta is mó ar domhan.
De réir tuairiscí (a thuairsc féin), tá caidreamh aige le bean nach í a bhean chéile í. Anuas ar sin, tá líomhaintí ann go bhfuil ceangail aici le seirbhísí spiaireachta na Síne.

Jensen Huang, atá 63 bliain d’aois agus ar as an Téaváin dó, is é Príomhfheidhmeannach Nvidia é.
Is comhlacht teicneolaíochta Meiriceánach é Nvidia atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt sliseanna ríomhaireachta agus teicneolaíocht na hintleachta saorga. D’fhéadfaí a rá go bhfuil an-eolas ag an chomhlacht ar an saol mórthimpeall orainn, idir dhaoine aonair agus an cine daonna ina iomláine.

Ní féidir an iomarca béime a chur ar an tionchar atá ag Nvidia ar shaol na teicneolaíochta sa lá atá inniu ann. Tá an comhlacht tar éis fás agus forbairt ollmhór a dhéanamh le blianta beaga anuas, agus tá sé anois ar cheann de na himreoirí is cumhachtaí i saol na teicneolaíochta domhanda. Tá sé chomh lárnach sin san earnáil gur sheas Huang taobh le Donald Trump chomh gairid leis an mhí seo caite.
Alice Huang, atá 49 bliain d’aois agus ar as an tSín di, is feidhmeannach sinsearach í ag comhlacht sonraí darb ainm Megaspeed. Tá tuairiscí ann freisin a nascann í le hAireacht Stáit Slándála na Síne, i bhfocail eile, tá tuairiscí ann a nascann í le spiaireacht.

Ach cad is spiaire ann, mar sin? Go bunúsach, is duine iad a bhailíonn eolas faoi rún ar son rialtais nó eagraíochta. Eolas atá príobháideach, íogair agus rúnda, agus a d’fhéadfadh a bheith an-luachmhar don té atá á lorg. D’fhéadfadh an t-eolas sin a bheith bainteach leis an rialtas, leis an arm nó le comhlachtaí móra idirnáisiúnta.
Mar sin, nuair atá comhlacht chomh mór le Nvidia i gceist, agus an oiread sin eolais íogair agus luachmhar faoina chúram, is dócha gur fearr dóibh a bheith cúramach maidir leis an dream a bhíonn siad ag plé leo!

An tseachtain seo caite, de réir tuairiscí, sheol CEO Jensen Huang ríomhphost chuig fostaithe an chomhlachta inar admhaigh sé go raibh sé mídhílis dá bhean chéile agus go raibh caidreamh aige le Alice Huang, an alleged spiaire.
Fear cliste atá ann, ach chan cliste go leor…
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.