Na mná a d’athraigh a dtacaíocht pholaitiúil i Meiriceá

I mBéal an Phobail

Litir ó Mheiriceá – Tús Nua

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Micheál Bairéad
Email: mickgb@gmail.com
Suíomh gréasáin: https://mickgb.com

“Táimid inár seasamh ar fhothracha domhain atá caite. Caithfimid an fhís agus an misneach a bheith againn chun domhan mar ba cheart dó a bheith a shamhlú agus a chruthú: domhan níos daonnachtúla, níos cothroime agus níos inbhuanaithe. Domhan atá slán ó fhaisistithe agus ó thíoránaigh.”

Maria Ressa, buaiteoir Dhuais Nobel na Síochána.

Cindy Banda

Bhí Cindy Banda ag coinne dochtúra i Houston nuair a las scáileán a fóin le teachtaireacht: “Déan teagmháil le TD Auto Finance, le do thoil.”

Bille $1,300 dá hiasacht cairr a bhí i gceist. Bhí sí ar saoire bhreoiteachta le bliain anuas, mar bhí ailse uirthi.

Bhí árachas sláinte aici fós trína fostóir, ach bhí a sciar féin de chostais na máinliachta, na ceimiteiripe agus na radaiteiripe os cionn $25,000.

Cindy Banda 1
Cindy Banda. Grianghraf: GoFundMe

Sa bhaile i McAllen, Texas, bhí seisear páistí ag brath uirthi. Tar éis dá deirfiúr Melissa bás a fháil i 2020, ghlac Cindy a triúr páistí siúd faoina cúram, chomh maith lena triúr féin.

D’eagraigh a muintir agus a cairde feachtais tiomsaithe airgid agus dhíol siad dinnéir sicín mar chuid díobh. D’fhiafraigh duine de na páistí an mbeadh sé d’acmhainn acu na billí a íoc.

Bhí Cindy tar éis vótáil ar son Donald Trump trí huaire. Bhí a sheasamh i gcoinne an ghinmhillte ar cheann de na cúiseanna leis sin.

Trump 3
Donald Trump. Grianghraf: Alex Wroblewski/AFP via Getty Images

Ansin tháinig James Talarico, iarrthóir na nDaonlathaithe do Sheanad na Stát Aontaithe, ar cuairt le linn a fheachtais. Labhair sé faoin obair a bhí déanta aige mar bhall de Theach Ionadaithe Texas chun praghas na hinsline a ísliú.

“Samhlaigh dá bhféadfadh sé rud mar sin a dhéanamh i gcás na hailse,” a dúirt sí leis an Associated Press (AP).

Vótáil sí ar a shon.

“Níor thug mé mo vóta do Dhaonlathach riamh go dtí inniu!!” a scríobh sí.

Talarico Blue 1
James Talarico. Grianghraf: Brandon Bell/Getty Images

Bhí bua mór ag Talarico. Bhí an bua freisin ag iarrthóirí na nDaonlathaithe do phoist an ghobharnóra, an leasghobharnóra agus an ard-aighne i Texas, stát ina raibh na Poblachtánaigh i gceannas le timpeall tríocha bliain. Ar fud na tíre, thug vótálaithe tromlach mór do na Daonlathaithe i dhá theach na Comhdhála Feidearálaí. “Blue tsunami” a thugtar ar an mbua ollmhór a bhí acu i dtoghcháin lár téarma an 3 Samhain.

Meastar go mbeidh na milliúin duine breise gan árachas sláinte i 2027 de dheasca an dlí cánach agus caiteachais a rith na Poblachtánaigh, an “One Big Beautiful Bill”. Beidh seans ag na Daonlathaithe anois é sin a fhreaschur. Ach beidh orthu níos mó ná sin a dhéanamh maidir leis an gcóras sláinte, mar is léir ó scéal Cindy Banda. Caithfidh siad plean praiticiúil a fhreastalóidh ar gach duine a chur i bhfeidhm.

James Talarico
Gina Hinojosa agus James Talarico. Grianghraf: Chip Somodevilla/Getty Images

Mayumi Castro Fernandez

I Miami, bhí Mayumi Castro Fernandez ag cnagadh ar dhoirse ar son Eliott Rodriguez, iarrthóir na nDaonlathaithe don Chomhdháil.

Dhá bhliain roimhe sin, bhí sí tar éis vótáil ar son Trump.

Rugadh Mayumi, atá 54 bliain d’aois, i gCúba. Glanann sí eitleáin ag Aerfort Idirnáisiúnta Miami. D’athraigh sí a hintinn ar chúpla cúis. Ar an gcéad dul síos, tá praghsanna bia agus breosla ag ardú. Chuir an chaoi a raibh na húdaráis inimirce ag caitheamh le daoine as di freisin.

D’inis sí don Miami Herald faoi theaghlach a bhí sa tír le fiche bliain. Rugadh na páistí i Meiriceá agus bhí siad tar éis freastal ar an ollscoil. Bhí na tuismitheoirí i bhfolach sa bhaile ar eagla na ngníomhairí inimirce.

D’fhág sí an Páirtí Poblachtánach, chláraigh sí mar vótálaí neamhspleách agus vótáil sí ar son na nDaonlathaithe sna toghcháin lár téarma.

Nuair a d’oscail daoine an doras, d’fhiafraigh sí díobh cad a bhí ag cur brú orthu. Praghsanna bia, costas breosla agus cíos na freagraí a fuair sí.

“Caithfimid athrú. D’athraigh mé féin m’intinn,” a dúirt sí le CNN.

Cur chuige

Caithfidh an Chomhdháil scrúdú a dhéanamh ar cé na taraifí a chosnaíonn poist agus cé na cinn a ardaíonn praghsanna. Caithfidh sí mí-úsáid cumhachta ag údaráis inimirce a fhiosrú freisin agus seasamh leis an bpróiseas cuí dlí.

Chuir cogadh Trump leis an Iaráin le hardú ar phraghsanna breosla. Ba cheart don Chomhdháil a cumhachtaí maoinithe agus maoirseachta a úsáid chun deireadh a chur leis an gcogadh sin, cogadh a thosaigh Trump gan cead ón gComhdháil. Caithfidh an Chomhdháil tacú leis an Úcráin agus gealltanais dá comhghuaillithe a chomhlíonadh. Ní mór di freisin a mhíniú cad a chosnóidh a cuid pleananna agus cé a íocfaidh astu, agus plean a leagan amach don fhiachas náisiúnta.

Tá sé de cheart ag an Uachtarán Trump aon bhille a chrosadh. Má chrosann Trump bille a chabhródh le daoine, bíodh air cuntas a thabhairt ina leith.

Chomh maith leis na tosaíochtaí sin, tá cúraimí eile ar na Daonlathaithe sa dá bhliain atá romhainn:

Caithfidh an Chomhdháil a húdarás ar chaiteachas, ar chogadh agus ar chumhachtaí éigeandála a athghabháil, fiú nuair atá páirtí an tromlaigh i seilbh na huachtaránachta.

Caithfidh sí na margaí gnó a rinne teaghlach Trump a fhiosrú agus scrúdú a dhéanamh ar shíntiúis pholaitiúla na mbilliúnaithe agus ar chonarthaí rialtais a gcomhlachtaí. Má tá údar leis san fhianaise, is gá cásanna a chur ar aghaidh lena n-ionchúiseamh sna cúirteanna. Is gá freisin an dlí a neartú chun coimhlint leasa mar sin a sheachaint.

El Sayed Blue 1
Dr. Abdul El-Sayed. Grianghraf: Spencer Platt/Getty Images

Caithfear dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfidh iallach ar chomhlachtaí meán sóisialta a nochtadh cé a mhaoiníonn fógraíocht pholaitiúil agus a gcuid algartam a chur faoi scrúdú neamhspleách.

Caithfidh tacaíocht agus athoiliúint a bheith ar fáil d’oibrithe má chailleann siad a bpoist de bharr na hintleachta saorga.

Caithfidh an tromlach nua cuntas a thabhairt ar a dhul chun cinn agus ar a theipeanna. Nuair nach féidir gealltanas a chomhlíonadh, beidh ar na Daonlathaithe a mhíniú cén fáth agus cad é an chéad chéim eile.

Trump 1
Donald Trump. Grianghraf: Jim Watson/AFP via Getty Images

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh. Mura gcoinneoidís a ngealltanais, dúirt Mayumi leis an Miami Herald, “Beidh mé amuigh ar na sráideanna arís ag iarraidh iad a chur as oifig.” Ní bheadh sí ina haonar.

Nuair a iarrfaidh na Daonlathaithe orainn muinín a chur iontu arís i 2028, b’fhearr dóibh í a bheith tuillte acu.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram