Cogar! Ar chuala tú faoin aip meán sóisialta atá dírithe ar an nGaeilge?

Tá Cogar foirfe i gcomhair foghlaimeoirí Gaeilge, agus cainteoirí líofa

Má tá tú cosúil liomsa, bíonn tú ag féachaint ar do ghuthán ró-iomarca. Chun an fhírinne a rá, bíonn sé deacair an rud a sheachaint.

Agus mé ag freastal ar phreasócáid le déanaí, dúirt ceann de m’agallaí liom nach bíonn daoine ar m’aoise (agus cinnte daoine níos sine ná mise) ag féachaint ar an ‘antique’ sa chúinne níos mó.

B’in na focail a d’úsáid sí, agus is dóigh liom go bhfuil an ceart aici.

De réir taighde ó Nuacht TG4 i 2021, bíonn 79% de phobal na Gaelainn ag fáil a gcuid nuachta ar líne.

Is cinnte go bhfuil buntáistí ag baint le sin. Mar shampla, má ta scéal ollmhór ag briseadh agus tú ar an mbus nó an Luas, is féidir leat do ghuthán a thógaint amach as do mhála, agus dul ar na haipeanna nuachta RTÉ, BBC, Sky News agus a leithéid.

Tá sé fearáilte le rá freisin go mbíonn go leor ag léamh an nuacht ar Instagram agus X, rud a chreidimse atá ceart go leor, má tá siad ag féachaint ar foinsí iontaofa.

Go dtí le déanaí, áfach, ní raibh aip ar leith ag muintir na Gaelainne a gcuid tuairimí a roinnt a bhí lán Gaelainn. Ach anois, tá an aip tagtha linn!

Ronán Ó Laoire. Bunaitheoir Cogar
Ronán Ó Laoire, bunaitheoir Cogar

Is dóigh liom go bhfuil sé cosúil le Threads, an aip eile atá ag Instagram.

Tugann Cogar ceart do dhaoine rudaí gearra a chur suas, seachas a bheith ag smaoineamh faoi phost mór, agus ‘stories’ a chur suas, cosúil leis na hardáin sóisialta eile.

Ní bhíonn gach duine ag iarraidh labhairt ar an bhfón, nó ag bualadh le chéile i bpearsanta a thuilleadh.

Tá an aip seo go hiontach i gcomhair foghlaimeoirí Gaelainne timpeall an domhain.

Tá scoláirí Gaelainn agamsa sa Nua-Sheálainn. Agus nuair a dhiarraím orthu freastal ar Chiorcal Comhrá aitiúil, bíonn siad ag iarraidh.

Ach, bíonn imní orthu chomh maith. Bíonn siad ag smaoineamh nach mbeadh siad maith go leor chun dul ag caint le daoine trí Ghaelainn amháin.

Tá Cogar foirfe do dhaoine mar sin.

Tá sé saoráideach.

Nuair a chláraíonn tú, feicfidh tú a go leor catagóirí a bhaineann leis an saol laethúil. Ó chúrsaí nuachta go cúrsaí teilifíse. Cúrsaí staire bia agus cócaireacht go memes faoi Yu-Ming agus Spiderman. Tá gach saghas réimse ábhar clúdaithe san aip seo.

Is ardán sóisialta í Cogar. Trí Ghaeilge. Tá mé i m’fhorbróir bogearraí, agus bhí fonn orm le fada an lá aip nó suíomh gréasáin a chruthú ar mhaithe leis an nGaeilge.

Theastaigh uaim go mbeadh an Ghaeilge i gcroílár an ardáin agus go gcabhródh sé lena cur chun cinn. Ní coincheap úrnua amach is amach é.

Tá cuid mhaith den fheidhmiúlacht cosúil leis an méid a fheictear ar ardáin eile. Is dócha gurb í an difríocht is mó ná go mbíonn úsáideoirí in ann teacht ar ábhar trí mheán na Gaeilge, gan a bheith orthu dul i ngleic leis an mBéarla.

Más dual dúinn a bheith gafa leis na meáin shóisialta cibé, ba bhreá liom ár ‘ngruaimscrolláil’ a athrú go ‘Gaelscrolláil’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram