

Tabharfar léargas ar fhoireann Pheil na mBan Lú agus ar an méid a bhíonn ag tarlú den pháirc sa chlár seo agus iad ag iarraidh Craobh na Sóisear TG4 2025 a bhaint amach agus iad faoi stiúir an chaptaein Áine Breen.

Tá na mná ón gContae is Lú dírithe uile ón gcéad lá den fheachtas ar bheith ar ais i bPáirc an Chrócaigh do Chluiche Ceannais na hÉireann.
Is mór an t-ugach é an díomá a bhí orthu nuair a d’éirigh le mná Fhear Manach an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche ceannais 2024, agus tá siad meáite ar an gcorn a chrochadh an geábh seo.
Tabharfar deis eisiach don lucht féachana in Lú Abú léargas a fháil ar aistear an scuaid, ar a dhéine a bhíonn na seisiúin traenála, ar a theaicticiúil a bhíonn na hullmhúcháin, ar an tiomantas diongbháilte a theastaíonn chun dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde.
Beifear i dteannta na foirne le linn na tréimhse sin agus iad ag teannadh leis an gcluiche ceannais, trína bhfaighidh an lucht féachana léargas nach mbíonn le fáil an-mhinic ar an meon agus ar an aontacht a spreagann scothimreoirí idirchontae.
I gcroílár a n-aistir tá uaillmhian chomhroinnte: is é sin Corn an West County Hotel a chrochadh in airde ar chéimeanna Sheastán Uí Ógáin agus Craobh Uile-Éireann na Sóisear bainte amach acu.
Tugtar léargas freisin ar an gcreideamh agus an athléimneacht i gcomhar a spreagann iad agus ar an eispéireas iomlán a bhaineann le laethanta na gcluichí, idir an t-ullmhúchán agus an bhís a bhíonn i gceist agus an t-aicsean uile ar an bpáirc.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.