Ag fanacht aclaí, sláintiúil agus sásta agus tú ag traenáil don Vhi Women’s Mini Marathon

An mbeidh tú ag rith i Vhi Women’s Mini Marathon ag deireadh mhí na Bealtaine? Seo meabhrúchán duit ar roinnt comhairle maidir le cothú agus fuinneamh chun fanacht aclaí agus sláintiúil.

Roinneann Speisialtóir Sláinte na mBan, an Dr Amélie Roland, roinnt machnaimh faoi fhuinneamh agus chothú chun fanacht aclaí do mhná atá ar a dturas reatha cheana féin nó atá díreach ag tosú amach.

Clúdaíonn sí ábhair ar nós cothú (nutrition), ró-thraenail agus gortuithe, ionas gur féidir leat an deis is fearr a thabhairt duit féin gnáthamh oiriúnach agus inbhuanaithe a aimsiú. Má leanann tú na moltaí seo, beidh tú aclaí, réidh agus sláintiúil don lá mór, Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine.

Ith bia maith le fanacht aclaí don Vhi Women's Mini Marathon
Ith bia maith le fanacht aclaí don Vhi Women’s Mini Marathon

An bhfuil riachtanais chothaitheacha (nutritional) ar leith ag mná maidir le spórt agus oiliúint seasmhachta?

Ní gá go mbeadh riachtanais chothaitheacha éagsula ag mná maidir le haclaíocht, ach tá cúpla gné thábhachtach ar cheart a chur san áireamh:

  • Vitimín D: Tá vitimín D an‑tábhachtach do shláinte na gcnámh, agus ní fhaighimid go leor de trí sholas na gréine in Éirinn. Le linn na míonna níos dorcha, is smaoineamh maith é forlíonadh vitimín D a thógáil, go háirithe má bhíonn tú ag rith, mar d’fhéadfadh easnamh vitimín D an baol bristeacha cnámh a mhéadú. Cabhraíonn vitimín D le dlús cnámh a choimeád.
  • Cailciam: Má bhíonn tú ag déanamh go leor spóirt nó aclaíochta agus má bhíonn tú ag cur allais go minic, cailleann tú cailciam tríd an allas. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeadh mná aireach ar a n‑iontógáil cailciam ionas nach dtarlódh easnamh. Go ginearálta, soláthraíonn aiste bia chothrom dóthain cailciam, agus ní bhíonn forlíonadh riachtanach. Mar sin féin, má sheachnaíonn tú déiríocht nó glasraí duilleacha dorcha, labhair le do sholáthraí cúram sláinte faoi cé acu is ceart forlíonadh a úsáid.

Do chothú a chothromú agus tú ag traenáil agus ag aclaíocht

Nuair a dhéanann tú aclaíocht go rialta, méadaíonn do bhunráta meitibileach, is é sin an ráta ag a ndóitear calraí nuair a bhíonn tú i do shuaimhneas. Mar thoradh air sin, fiú ar laethanta nach mbíonn tú ag aclaíocht, dóitear líon níos airde calraí fós. Ciallaíonn sé sin go mbíonn níos mó calraí de dhíth ar mhná a bhíonn ag aclaíocht, fiú ar laethanta sosanna.

Tá carbaihiodráití ríthábhachtach mar fhoinse fuinnimh, agus is iad an chéad fhoinse fhuinnimh a úsáideann an corp le linn aclaíochta. Gan aiste bia chothrom ina mbíonn carbaihiodráití, próitéin agus saill, ní bhainfear amach na buntáistí iomlána a bhaineann le haclaíocht. Ina áit sin, díreoidh an corp ar fhuinneamh a aimsiú chun leanúint den ghluaiseacht.

Trí dhóthain carbaihiodráití a iontógáil roimh aclaíocht, agus trí mheascán maith carbaihiodráití agus próitéine a ithe ina dhiaidh, tugtar an deis is fearr don chorp feidhmíocht agus téarnamh a fheabhsú, ionas gur féidir aclaíocht a dhéanamh arís sna laethanta ina dhiaidh sin.

Screenshot 2026 04 04 103801

Comharthaí róthraenála nó easpa fuinnimh

Is minic a tharlaíonn róthraenáil agus easpa fuinnimh ag an am céanna. Má mhéadaíonn tú an méid aclaíochta de réir a chéile, caithfidh tú do iontógáil fuinnimh a mhéadú chomh maith chun go mbeidh an corp in ann oiriúnú agus feidhmiú go sábháilte. Mura ndéantar amhlaidh, agus má bhíonn an bhearna idir an fuinneamh a theastaíonn agus an fuinneamh a fhaightear ró‑mhór, d’fhéadfadh na fadhbanna seo a leanas teacht chun cinn:

Easpa fuinnimh: Sé sin go mbeidh leibhéil fuinnimh ró‑íseal i gcomparáid leis na héilimh atá á gcur ar an gcorp. D’fhéadfadh sé seo cur isteach ar an timthriall míosta (menstrual cycle), fiú é a stopadh go hiomlán. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoinníonn mná lenna ‘periods’ mura bhfuil siad i sos míostraithe (menopause). Má tharlaíonn aon athrú den chineál seo, ba chóir labhairt le soláthraí cúram sláinte chun an chúis a iniúchadh.

Bristeacha struis (Stress fractures): Mura mbítear ag cothú an choirp i gceart, nó má dhéantar an iomarca traenála, bíonn sé deacair don chorp téarnamh. Is gá an méid cleachtaidh a mhéadú de réir a chéile chun an riosca seo a laghdú. Mura ndéantar sin, d’fhéadfadh athruithe hormónacha tarlú a laghdaíonn cáilíocht na gcnámh agus a mhéadaíonn an baol bristeacha struis.

Tinneas níos minice: Cuireann róthraenáil brú ar an gcóras imdhíonachta (immune system) agus fágann sé an corp níos leochailí i leith ionfhabhtuithe, amhail slaghdáin nó víris.

Tuirse leanúnach: Mura nglacann tú dóthain sosanna idir seisiúin aclaíochta, bíonn sé deacair don chorp traenáil, deisiú agus neartú. Mar thoradh air sin, bíonn tú tuirseach fiú le linn tréimhsí sosanna.

Screenshot 2026 04 04 103814

Fadhbanna putóige (gut): Bíonn fadhbanna putóige ag go leor daoine agus iad ag rith, agus ní comhartha cinnte róthraenála é sin ina aonar. Mar sin féin, má fheictear méadú ar a leithéid de fhadhbanna, is fiú machnamh a dhéanamh orthu, mar bíonn riosca méadaithe ag daoine a dhéanann róthraenáil go mbeidh trioblóidí putóigeacu.

Tuirse fheidhmíochta agus drochghiúmar: Mura mbaintear taitneamh as an aclaíocht a thuilleadh agus má bhíonn ar dhuine é féin a bhrú chun leanúint ar aghaidh, d’fhéadfadh sé seo a bheith ina chomhartha róthraenála. Ba chóir go mbraithfeadh aclaíocht tairbheach agus dearfach, agus go gcuirfeadh sí feabhas ar ghiúmar. Mura dtarlaíonn sé sin, is gá an méid traenáil  agus an déine a athbhreithniú agus am cuí téarnaimh a thabhairt don chorp.

Screenshot 2026 04 04 103715

Tábhacht na traenála nirt duit

Má tá tú i do reathaí, cuireann tionchar athchleachtach an rith strus ar na cnámha. Má dhéantar an traenáil i gceart, cuireann an strus seo le neart agus le sláinte na gcnámh. Chun tacú leis sin, moltar do dhaoine – go háirithe iad siúd atá ag druidim le sos míostraithe – dul i mbun traenála nirt chomh maith.

Trí traenáil neart a dhéanamh idir laethanta reatha, is féidir cnámha a chosaint, an baol gortaithe a laghdú, agus cothromaíocht, soghluaisteacht agus feidhmíocht reatha a fheabhsú.

Nóta tábhachtach: Chun críocha faisnéise amháin atá an t‑ábhar seo, agus ní hionann é agus comhairle leighis ghairmiúil, diagnóis ná cóireáil. Iarr comhairle i gcónaí ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar ghairmí leighis cáilithe má tá imní ort faoi do shláinte, nó sula dtosaíonn tú ar chlár sláinte nua. Má cheapann tú go bhfuil tú i ngátar éigeandála leighis, glaoigh ar 999 nó 112, nó lorg cúnamh éigeandála láithreach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram