Tá foireann Raidió na Life ag An Puball Gaeilge i lár an Achaidh Aigne – nó ceantar ‘Mindfield’ mar is fearr aithne air – ag Electric Picnic.
Is í seo an 15ú bliain do Raidió na Life a bheith i mbun imeachtaí sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, agus iad ag súil arís i mbliana le deireadh seachtaine lán de chaint, ceol agus spraoi den scoth trí Ghaeilge ag an bhféile cheoil.
Tá clár imeachtaí lán le ceol den uile sheánra, podchraoltaí spéisiúla agus éagsúla beo ar an ardán.
Tá neart plé ar na hábhair is mó atá i mbéal an phobail in 2023 freisin.
Chomh maith leis sin tá seiteanna spleodracha ó phlúr na gceirneoirí i Raidió na Life.
Mar sin tá An Puball Gaeilge is fearr dá bhfuil feicthe againn go dtí seo ann i mbliana.
Tá Raidió na Life ag comhoibriú arís i mbliana leis an bPuball Gaeilge le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, Raidió Fáilte, Féile Nasc, Féile na Gealaí, Imbolc, O’Haras agus Four Provinces chun deireadh seachtaine sceitimíneach trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh ag triall ar an bhféile eicléictiúil.
Tá siamsaíocht, spraoi agus spórt le roinnt de na pearsana is mó ó shaol na Gaeilge, ó shaol an cheoil thraidisiúnta agus ó shaol an cheoil chomhaimseartha araon – agus é ar fad i nGaeilge.
Mura féidir le daoine a bheith i láthair sa tSráidbhaile an deireadh seachtaine seo, tá dhá chlár speisialta ag Raidió na Life ag teacht beo ó Electric Picnic 2023 ag meán lae ar an Satharn 2ú agus Domhnach 3ú Meán Fómhair le neart agallaimh, ceol, spraoi agus an nuacht is déanaí ón bhféile le cloisteáil ar Soundcloud agus ar mheáin shóisialta Raidió na Life i rith an deireadh seachtaine.
Agus tá an t-ardán Gaeilge, de chuid Conradh na Gaeilge, An Chollchoill, ar ais arís freisin, le ceiliúradh ar cheol, ar theanga agus ar chultúr na hÉireann le linn an deireadh seachtaine.
Tá ceol Gaelach agus ceol traidisiúnta ar an stáitse sa Chollchoill gach oíche le DJanna ar nós Ailbhe Ní Riain, grúpaí ceoil thraidisiúnta ar nós an Shandrum Céilí Band agus an grúpa Bandia a bhfuil cáil orthu as a gclúdaigh Ghaeilge.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.